Forléargas
Le cúig bliana anuas, tá an tAontas ag tabhairt aghaidh ar chlár uaillmhianach maidir le nuachóiriú. Le linn an tsainordaithe sin, díreoidh an Coimisiún Eorpach ar chur chun feidhme, ar infheistíocht agus ar athchóiriú chun ullmhú don todhchaí. Is é a bheidh i gceist leis sin buiséad níos simplí, a mbeidh tionchar níos mó aige, a fhorbairt don Aontas chun cistí a chur ar fáil sna háiteanna is mó a bhfuil tábhacht leo; athchóirithe a chur chun feidhme chun dea-fheidhmiú aontais níos mó a chinntiú agus an chomhpháirtíocht idir an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa a neartú. Beidh baint ag an obair sna réimsí sin leis na gníomhaíochtaí i dtaca lenár dtosaíochtaí eile agus ceanglófar ar institiúidí agus ar thíortha an Aontais oibriú le chéile mar fhoireann.
An méid a chabhraíonn buiséad an Aontais chun tacú leis
Cuspóirí
Buiséad nua atá oiriúnach dár n-uaillmhiantachun ár n-acmhainn airgeadais a úsáid ar an mbealach is fearr is féidir
Clár oibre uaillmhianach don Eoraip i dtaca le hathchóiriúchun feidhmiú cuí Aontais níos mó a chinntiú
An chomhpháirtíocht le Parlaimint na hEorpa a neartúchun beart a dhéanamh le chéile ar bhealach níos éifeachtaí
An chaoi a mbainfimid ár gcuspóirí amach
Le linn shainordú an Choimisiúin idir 2024 agus 2029 agus chun an Eoraip a choinneáil ar a bhealach i dtreo an nuachóirithe agus na hullmhachta don todhchaí, cuirfimid an méid seo a leanas i gcrích:
Buiséad nua atá oiriúnach dár n-uaillmhianta

Chun leanúint dár n-uaillmhianta a bhaint amach, tá buiséad nua-aimseartha treisithe de dhíth orainn. Chuige sin, beidh orainn
- buiséad fadtéarmach nua a mholadh in 2025 a bheidh níos dírithe ar ár dtosaíochtaí, a oibreoidh ar bhealach níos simplí, agus a mbeidh tionchar níos mó aige trí ghiaráil mhéadaithe ar mhaoiniú náisiúnta, príobháideach agus institiúideach
- gan cistí de chuid an Aontais a chur ar fáil ach amháin i gcás ina n-urramaítear an smacht reachta
- ioncaim do bhuiséad an Aontais a neartú agus a nuachóiriú le hacmhainní dílse nua chun maoiniú leordhóthanach a chinntiú dár dtosaíochtaí coiteanna
- ár maoiniú gníomhaíochta seachtraí a athchóiriú, chun gur mó an tionchar a bheidh aige ar ár gcomhpháirtithe, chun gur spriocdhírithe a bheidh sé dóibh, agus chun gur ailínithe a bheidh sé lenár leasanna straitéiseacha

Chun feidhmiú cuí ár nAontais a chinntiú i bhfianaise méaduithe amach anseo, tá gá le hathchóirithe uaillmhianacha. Ní mór dúinn a bheith in ann dul i ngleic le dúshláin gheopholaitiúla agus dlisteanacht dhaonlathach a fheabhsú. Chuige sin, déanfaimid an méid seo:
- leanfaimid den obair leantach ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa
- tacóimid le hathrú ar an gconradh i gcás inar féidir leis an méid sin an tAontas seo againne a fheabhsú
- déanfaimid obair chun a chinntiú go mbeidh tíortha an Aontais agus tíortha a bheidh mar chuid den Aontas amach anseo ullmhaithe le haghaidh mhéadú an Aontais
- cuirfimid athbhreithnithe beartais roimh mhéadú i láthair ina ndíreofar ar earnálacha aonair, cuir i gcás an smacht reachta, an margadh aonair, an tslándáil bia, cosaint agus slándáil, an aeráid agus fuinneamh agus imirce
- cuirfimid tograí ar aghaidh chun feabhas a chur ar chumas na hEorpa gníomhú, agus muid ag féachaint ar fhormáidí nua agus ar phróisis chinnteoireachta nua, tograí le haghaidh Aontas níos mó ina measc

Chun ár gcomhpháirtíocht le Parlaimint na hEorpa a neartú, ionas gur féidir linn beart a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí le chéile, déanfaimid an méid seo a leanas:
- leanfaimid de thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh reachtacha Pharlaimint na hEorpa
- neartóimid ár n-idirphlé agus ár gcomhar leis an bParlaimint, agus Coimisinéirí rannpháirteach in idirphlé struchtúrtha le coistí Parlaiminteacha nuair a iarrann an Pharlaimint ar an gCoimisiún togra dlí a thíolacadh (i gcomhréir le hAirteagal 225 CFAE)
- oibreoimid i gcomhar le Parlaimint na hEorpa chun athbhreithniú a dhéanamh ar ár gCreat-Chomhaontú chun ár bhfreagracht pholaitiúil chomhpháirteach a neartú, sreabhadh na faisnéise a mhéadú agus trédhearcacht níos fearr a chinntiú
- ár n-idirphlé a neartú agus a chinntiú go mbeidh Coimisinéirí i láthair níos minice ina gcoistí faoi seach agus i seisiúin iomlánacha na Parlaiminte
An dul chun cinn go dtí seo
Déan monatóireacht ar dhul chun cinn tionscnamh nua, dlíthe atá beartaithe agus athruithe reachtacha faoin tosaíocht seo, lean iad, agus coinneáil cothrom le dáta leo.
- Iúil 2025
Chuir an Coimisiún i láthair a thogra le haghaidh Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) uaillmhianach dinimiciúil le haghaidh 2028-2034, ar fiú beagnach €2 thrilliún é
- Feabhra 2024
Comhaontú polaitiúil ar an athbhreithniú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027
- Samhain 2023
Sheol an Coimisiún timthriall Sheimeastar Eorpach 2024 a chuidíonn chun dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta san Aontas a shainaithint
I lár an aonaigh

Chuir an Coimisiún i láthair a thogra le haghaidh buiséad fadtéarmach uaillmhianach don tréimhse 2028-2034. Tacóidh beagnach €2 thrilliún, nó 1.26% d’ollioncam náisiúnta an Aontais ar an meán, le huaillmhian na hEorpa chun rath a bheith uirthi sna deich mbliana amach romhainn. Cuirfidh an buiséad go mór le cumas an Aontais croíbheartais a bhaint amach, aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí nua agus ar thosaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus leanfaidh sé de thacaíocht a thabhairt do dhaoine, do ghnólachtaí, do Bhallstáit an Aontais, do réigiúin, do chomhpháirtithe, agus, thar aon ní eile, do thodhchaí chomhchoiteann an Aontais.
Cé atá i gceannas

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Chomhtháthú agus Athchóirithe

Coimisinéir um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch; An Caidreamh agus an Trédhearcacht Idirinstitiúideach

Coimisinéir um an nGeilleagar agus Táirgiúlacht; Cur Chun Feidhme agus Simpliú

Coimisinéir um an mBuiséad agus Comhrac Calaoise agus um an Riarachán Poiblí




