Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  •  
  • Gach topaic
  • Eorabharaiméadar
  • Dlí an Aontais
  • Cúinne na foghlama
  • Europa Web Guide
  • European Commission visual identity
  •  
  • Tuilleadh eolais faoi acmhainní
  • Poist
  • Maoiniú agus tairiscintí
  • Imeachtaí
  • An Coimisiún Eorpach ar na meáin shóisialta
  •  
  • Tuilleadh eolais faoi ‘An Eoraip agus tusa’
  • Plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithe

    Forléargas

    Ba mhór-roinn tionsclaíochta, fiontraíochta agus nuálaíochta í an Eoraip riamh anall — mór-roinn a rinne í féin a athrú ó bhonn go leanúnach mar gheall ar réabhlóidí tionsclaíocha agus teicneolaíochta, iomaíocht dhomhanda, agus sochaithe a bhí de shíor ag athrú.

    Tháinig muid slán ó shuaitheadh na ndianghlasálacha agus muid níos láidre fós, sháraíomar géarchéim fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, agus bhaineamar é sin amach in éineacht le chéile a bhuí le hathléimneacht agus diongbháilteacht. Mar sin féin, ní mór borradh mór a chur faoinár n-iomaíochas anois. Tá an geilleagar domhanda ag athrú go tapa. 

    Ní mór dúinn gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun iomaíochas na hEorpa a chosaint agus a threisiú, agus i leith gníomhaithe domhanda eile, an rathúnais agus na cothroime freisin. Cuirtear tús leis sin tríd an ngnó a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla, agus ár margadh aonair a dhoimhniú ar fud na n-earnálacha uile. Leis an gcompás iomaíochais, arb é an chéad mhórthionscnamh de chuid an Choimisiúin nua é, leagfar amach an obair a bheidh á déanamh againn amach anseo agus muid ag cur le tuarascáil Draghi.

    Príomhfhigiúirí

    49.3% sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh i nginiúint leictreachais sa tríú ráithe de 2025
    suas le €4 mbilliún, le haghaidh infheistíocht i dtaighde ar an intleacht shaorga agus i gcur in úsáid na hintleachta saorga don tréimhse 2024-2027
    76.2% an líon daoine idir 20 agus 64 bliana d’aois a raibh post acu sa chéad ráithe de 2025, an líon is airde riamh

    Cuspóirí

    • Cúrsaí gnó a éascú

      chun fás eacnamaíoch a chothú

    • Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan

      chun tacú le tionscail iomaíocha an Aontais agus poist ardcháilíochta a chruthú

    • Geilleagar níos ciorclaí agus níos athléimní

      chun aistriú go cleachtais táirgthe agus tomhaltais níos inbhuanaithe

    • Borradh a chur faoin táirgiúlacht trí scaipeadh na teicneolaíochta digití

      chun iomaíochas an Aontais a neartú agus a bheith ar thús cadhnaíochta i nuálaíocht na hintleachta saorga

    • Taighde agus nuálaíocht a chur

      i gcroílár ár ngeilleagair

    • Borradh as cuimse a chur faoin infheistíocht

      chun dlús a chur leis an aistriú glas, digiteach agus sóisialta

    • Dul i ngleic leis na bearnaí scileanna agus saothair

      chun gairmeacha agus iomaíochas eacnamaíoch daoine a fheabhsú

    An chaoi a mbainfimid ár gcuspóirí amach

    Sna blianta beaga amach romhainn, chun iomaíochas agus rathúnas na hEorpa a chinntiú, déanfaimid an méid seo a leanas:

    Cúrsaí gnó a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla

    Comhaontú nua maidir le Tionsclaíocht Ghlan a fhorbairt

    Oibriú i dtreo geilleagar níos ciorclaí agus níos athléimní

    Borradh a chur faoin táirgiúlacht trí scaipeadh na teicneolaíochta digití

    Taighde agus nuálaíocht a chur i gcroílár ár ngeilleagair

    Borradh as cuimse a chur faoin infheistíocht

    Dul i ngleic leis na bearnaí scileanna agus saothair

    An dul chun cinn go dtí seo

    Déan monatóireacht ar dhul chun cinn tionscnamh nua, dlíthe atá beartaithe agus athruithe reachtacha faoin tosaíocht seo, lean iad, agus coinneáil cothrom le dáta leo

    1. Eanáir 2026

      Cuireadh i láthair an gníomh um líonraí digiteacha chun rialacha an Aontais maidir le nascacht dhigiteach a nuashonrú agus a shimpliú

    2. Nollaig 2025

      Cuireadh i láthair an gníomh nua um an mbith-theicneolaíocht agus an Rialachán athbhreithnithe maidir le Feistí Leighis chun an tsláinte agus an earnáil cúraim sláinte a fheabhsú

      Moladh rialacha nua chun bonneagar fuinnimh an Aontais a uasghrádú

      Leag an tAontas síos sprioc aeráide nua atá ceangailteach ó thaobh dlí de, is é sin laghdú 90% ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa do 2040

      Seoladh bearta nua chun margaí airgeadais an Aontais an chomhtháthú go hiomlán

      Cuireadh i láthair cur chuige straitéiseach chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú agus plean gníomhaíochta chun amhábhair a dhaingniú

    I lár an aonaigh

    Cé atá i gceannas

    Portrait of Teresa Ribera Rodríguez

    Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Aistriú Glan, Cóir agus Iomaíoch

    Portrait of Henna Virkkunen

    An Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas

    Portrait of Roxana Mînzatu

    An Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Chearta Sóisialta agus Scileanna, um Poist Ardcháilíochta agus um Ullmhacht

    Portrait of Valdis Dombrovskis

    An Coimisinéir um an nGeilleagar agus Táirgiúlacht; Cur Chun Feidhme agus Simpliú

    Portrait of Wopke Hoekstra

    Coimisinéir um an Aeráid, Glan-nialasacht agus Fás Glan

    Portrait of Ekaterina Zaharieva

    An Coimisinéir um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus um Thaighde agus Nuálaíocht