Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  •  
  • Gach topaic
  • Eorabharaiméadar
  • Dlí an Aontais
  • Cúinne na foghlama
  • Europa Web Guide
  • European Commission visual identity
  •  
  • Tuilleadh eolais faoi acmhainní
  • Poist
  • Maoiniú agus tairiscintí
  • Imeachtaí
  • An Coimisiún Eorpach ar na meáin shóisialta
  •  
  • Tuilleadh eolais faoi ‘An Eoraip agus tusa’
  • Ár ndaonlathas a chosaint, ár luachanna a chaomhnú

    Forléargas

    Beidh todhchaí na hEorpa i ndomhan atá briste ag brath ar dhaonlathas láidir a bheith againn agus ar na luachanna a thugann na saoirsí agus na cearta ar mór ag Eorpaigh iad a chosaint. Ag tógáil ar a bhfuil bainte amach cheana féin, sa sainordú nua seo déanfaidh an tAontas níos mó chun an daonlathas agus a shaoránaigh a chosaint ar bhagairtí atá ag dul i méid ó ghníomhaithe inmheánacha agus eachtracha, agus an smacht reachta atá mar bhunús leis agus atá bunriachtanach don rathúnas, don iomaíochas agus do mhargadh aonair dea-fheidhmiúil á neartú ag an am céanna. An fhís atá againn de mhór-roinn atá aontaithe ag an daonlathas, ag an gcomhionannas, ag an smacht reachta agus ag urraim do shaoirsí bunúsacha, agus a cuid saoránach i gcroílár na mór-roinne sin, is í sin an fhís a chuirfidh dlús i gcónaí lenár gcuid oibre.

    Tuairimí mhuintir na hEorpa

    86% sin é líon na nEorpach atá ar aon intinn gur fadhb mhór don daonlathas é scaipeadh tapa na bréagaisnéise
    81% sin é líon na nEorpach a chreideann gur fadhb thromchúiseach í cur isteach eachtrach ar ár gcórais dhaonlathacha ar gá aghaidh a thabhairt uirthi
    90% sin é líon na saoránach den Aontas a aithníonn an tábhacht a bhaineann le luachanna an Aontais a urramú, an smacht reachta san áireamh

    Cuspóirí

    Ní féidir talamh slán a dhéanamh dár ndaonlathas ná dár gcearta. Ní mór iad a chur chun cinn agus a chothú gach lá. Thairis sin, ní mór ról lárnach a bheith ag na saoránaigh sa phróiseas daonlathach. Ní mór iad a chur san áireamh i bhfeidhmiú na n-institiúidí a bhfuil muinín acu astu. Sin é an fáth a bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas an méid seo a leanas a dhéanamh:

    • Icon_purple
      An daonlathas a chosaint agus seasamh leis

      agus athléimneacht agus ullmhacht na sochaí a mhéadú

    • Icon_purple
      An smacht reachta a neartú

      ar mhaithe le sochaí chothrom dhea-fheidhmiúil

    • Icon_purple
      Rannpháirtíocht saoránach a chur chun cinn

      chun smaointe na saoránach a chur i gcroílár an phróisis ceaptha beartas

    An chaoi a mbainfimid ár gcuspóirí amach

    Sna blianta amach romhainn, oibreoimid ar na nithe seo a leanas:

    Ár ndaonlathas a chosaint

    An smacht reachta a neartú

    Saoránaigh a chur i gcroílár ár ndaonlathais

    An dul chun cinn go dtí seo

    Déan monatóireacht ar dhul chun cinn tionscnamh nua, dlíthe atá beartaithe agus athruithe reachtacha faoin tosaíocht seo, lean iad, agus coinneáil cothrom le dáta leo

    1. Samhain 2025

      Cuireadh i láthair an Sciath Eorpach don Daonlathas chun daonlathais láidre athléimneacha a chumhachtú, a chosaint agus a chur chun cinn

    2. Deireadh Fómhair 2025
    3. Márta 2025

      Leag an Coimisiún amach a threochlár maidir le cearta na mban

    4. Bealtaine 2024
    5. Nollaig 2023

      Cosaint an daonlathais: mhol an Coimisiún go dtabharfaí tionchar eachtrach ceilte chun solais

    I lár an aonaigh

    Cé atá i gceannas

    Portrait of Henna Virkkunen

    An Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas

    Portrait of Kaja Kallas

    An tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán

    Portrait of Michael McGrath

    An Coimisinéir um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí