Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  •  
  • Gach topaic
  • Eorabharaiméadar
  • Dlí an Aontais
  • Cúinne na foghlama
  • Europa Web Guide
  • European Commission visual identity
  •  
  • Tuilleadh eolais faoi acmhainní
  • Poist
  • Maoiniú agus tairiscintí
  • Imeachtaí
  • An Coimisiún Eorpach ar na meáin shóisialta
  •  
  • Tuilleadh eolais faoi ‘An Eoraip agus tusa’
  • Tacú le daoine agus ár sochaithe agus ár múnla sóisialta a neartú

    Forléargas

    Tá múnla sóisialta uathúil na hEorpa bunaithe ar rathúnas a chruthú agus a chinntiú ag an am céanna nach bhfágfar aon duine ar lár. Tá go leor bainte amach againn, ach tá obair fós le déanamh. Bhí tionchar ag na géarchéimeanna a tharla le blianta beaga anuas ar chaighdeáin mhaireachtála go leor Eorpach. Tá easpa tithíochta inacmhainne, rochtain ar sheirbhísí riachtanacha, bochtaineacht agus neamhionannais deiseanna ag bagairt dochar a dhéanamh do na ceangail a choinníonn le chéile muid.

    Leanfaidh ár sochaithe agus ár ngeilleagair de bheith ag forbairt. Ciallaíonn sé sin go gcaithfimid ár n-iarrachtaí a dhíriú ar cháilíocht na beatha a thaitníonn linn inniu a chothú agus a fheabhsú. Sna cúig bliana amach romhainn, oibreoidh an Coimisiún Eorpach chun cothroime shóisialta a chur chun cinn, comhtháthú sóisialta agus réigiúnach a neartú, agus comhdheiseanna a chinntiú do chách.

    An méid a cheapann muintir na hEorpa

    Measann 88% de mhuintir na hEorpa go bhfuil tábhacht phearsanta ag baint le hEoraip shóisialta
    Creideann 54% go mbeidh Eoraip níos sóisialta ann faoi 2030
    Creidtear gurb é an caighdeán maireachtála an tosaíocht shóisialta is tábhachtaí don Aontas

    Cuspóirí

    • Icon_orange
      Deiseanna, cobhsaíocht agus folláine a chur ar fáil do chách
    • Icon_orange
      Ár múnla margaidh shóisialta a neartú

      chun aistriú cothrom a chinntiú do chách

    • Icon_orange
      Dul i ngleic leis an neamhionannas, leis na héagothromaíochtaí réigiúnacha agus leis an idirdhealú

    An chaoi a mbainfimid ár gcuspóirí amach

    Sna blianta amach romhainn, oibreoimid orthu sin ar na bealaí seo a leanas:

    Cothroime shóisialta a chur chun cinn sa gheilleagar nua-aimseartha

    Ár sochaithe a athaontú agus tacaíocht a thabhairt do na daoine óga

    Aontas an chomhionannais a thógáil

    An dul chun cinn go dtí seo

    Déan monatóireacht ar dhul chun cinn tionscnamh nua, dlíthe atá beartaithe agus athruithe reachtacha faoin tosaíocht seo, lean iad, agus coinneáil cothrom le dáta leo

    1. Mí an Mhárta 2026
    2. Eanáir 2026

      Cuireadh an straitéis nua frithchiníochais i láthair

    3. Nollaig 2025

      Seoladh an Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne

      Cuireadh treochlár i láthair le haghaidh poist ardcháilíochta a sheasfaidh an aimsir, chun borradh a chur faoin táirgiúlacht, faoin rathúnas agus faoin iomaíochas

    4. Samhain 2025

      Seoladh an ráthaíocht scileanna chun tacú le hoibrithe scileanna foghlama a aistriú le haghaidh earnálacha straitéiseacha

    5. Márta 2025

      Cuireadh aontas na scileanna i láthair, ar plean é chun oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán a fheabhsú

      Síníodh Comhaontú comhpháirteach nua maidir le hidirphlé sóisialta Eorpach chun ról na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú maidir le margadh an tsaothair, fostaíocht agus beartais shóisialta a mhúnlú

    I lár an aonaigh

    Cé atá i gceannas

    Portrait of Roxana Mînzatu

    An Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Chearta Sóisialta agus Scileanna, um Poist Ardcháilíochta agus um Ullmhacht

    Portrait of Raffaele Fitto

    An Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Chomhtháthú agus Athchóirithe

    Portrait of Hadja Lahbib

    An Coimisinéir um Chomhionannas; Ullmhacht agus Bainistíocht Ghéarchéime

    Portrait of Michael McGrath

    An Coimisinéir um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí

    Portrait of Glenn Micallef

    An Coimisinéir um Chothroime Idirghlúine, um an Óige agus um Chultúr agus Spórt