Féach leat an Coimisiún Eorpach sa Bhruiséil. Glac páirt i dtaispeántas idirghníomhach – Experience Europe – nó i seisiún eolais ag Ionad na gCuairteoirí chun a fháil amach conas a oibríonn an Coimisiún agus cé na príomhbheartais agus na príomhthosaíochtaí atá aige. Tá saorchead isteach ann.
Experience EuropeTaispeántas idirghníomhach- Is féidir le daoine aonair, teaghlaigh agus grúpaí siúl isteach
- Gníomhaíochtaí oideachais
- Tá sé ar oscailt 7 lá na seachtaine
- Moltar áirithint a dhéanamh do ghrúpaí a bhfuil níos mó ná 10 nduine ann
Ionad na gCuairteoiríSeisiúin eolais- Ar fáil do ghrúpaí ina bhfuil níos mó ná 15 dhuine
- Is féidir bualadh le hoifigigh de chuid an Aontais agus a fháil amach faoina gcuid oibre ó lá go lá
- Ar oscailt i rith na seachtaine
- Ní mór áirithint a dhéanamh
Tuilleadh eolais faoi Ionad na gCuairteoirí
Lá na hEorpa

Gach bliain déanann an Coimisiún Lá na hEorpa a cheiliúradh trína dhoirse a oscailt don phobal. Ag a cheanncheathrú, foirgneamh Berlaymont sa Bhruiséil, cuireann sé fáilte roimh na mílte duine a fhaigheann an deis bualadh leis an bhfoireann, eolas a fháil faoin gcaoi a n-oibríonn an Coimisiún, agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí, taispeántais agus plé faoin Aontas Eorpach.
Foghlaim faoi bhunús Lá na hEorpa, rud a dhéantar a chomóradh an 9 Bealtaine gach bliain, agus faoin gcaoi a ndearna an Coimisiún ceiliúradh air in 2026.
An bhfuil tú ar bís chun cuairt a thabhairt orainn? Déan do chuid eolais a thástáil le quiz faoin gCoimisiún Eorpach.






