An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Tá an domhan ina mairimid ag athrú mar gheall ar dhúshláin atá ag dul i méid amhail an t-athrú aeráide, an intleacht shaorga agus teannas geopholaitiúil. Chun go mbeidh rath orainn sa saol nua seo, ní mór dúinn a chinntiú gur áit í an Eoraip inar féidir leanúint den fhás agus den nuálaíocht a chothú.
Chun a chinntiú go mbeidh rath ar ghnólachtaí Eorpacha sa mhargadh domhanda agus chun rathúnas inbhuanaithe a chur ar fáil do gach duine san Aontas, tá an t-iomaíochas á chur i gcroílár a chláir oibre eacnamaíoch ag an gCoimisiún.
Tá obair an Choimisiúin sa réimse sin á treorú ag tuarascáil Draghi agus ag an gCompás Iomaíochais.

Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo
Réimsí gníomhaíochta
Ár dtreochlár chun dinimiceas na hEorpa a athdhearbhú agus borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch
Infheistíochtaí a threorú feadh slabhraí luacha straitéiseacha ar fud thíortha an Aontais
An chaoi a bhfuilimid ag tiontú an dícharbónaithe ina spreagadh fáis do thionscail na hEorpa
An plean atá againn chun na bearnaí saothair agus scileanna a líonadh a chuireann bac ar fhás na hEorpa
Deiseanna airgeadais níos fearr a chruthú do shaoránaigh an Aontais, agus ag an am céanna ligean do ghnólachtaí ar fud na hEorpa fás
An t-ualach riaracháin ar chuideachtaí an Aontais a laghdú chun gnó a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla
Tuarascáil chinniúnach maidir leis an gcaoi ar féidir leis an Eoraip a hiomaíochas a athbhunú
Na príomhnithe a baineadh amach
- Cuireann an tAontas creat cobhsaí slán ar fáil do chuideachtaí a fhorbraíonn teicneolaíochtaí digiteacha trí bhearta amhail an Gníomh um Shonraí agus an Gníomh um Rialachas Sonraí, an Gníomh um Chibear-Athléimneacht agus an Gníomh um an Intleacht Shaorga.
- Forbraítear níos mó ná an cúigiú cuid de theicneolaíochtaí glana an domhain san Aontas, agus tá an Eoraip ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le tuirbíní gaoithe, leictrealóirí agus breoslaí ísealcharbóin a fhorbairt.
- Tá an líonra comhaontuithe trádála is mó agus is tapúla fás ar domhan ag an Aontas, líonra a chumhdaíonn 76 thír. Is sinne an comhpháirtí trádála is mó atá ag 72 thír, agus tá 38% de OTI an domhain sna tíortha sin. In 2022, den chéad uair riamh, ba mhó ná €2 thrilliún luach thrádáil an Aontais trí chomhaontuithe saorthrádála le comhpháirtithe domhanda.
- Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag an gCoimisiún chun ceanglais tuairiscithe a laghdú faoi 25% ar a laghad do gach cuideachta agus 35% ar a laghad do FBManna, agus sa deireadh thiar, chun na laghduithe sin a leathnú chuig gach cineál ualaigh riaracháin. Tá an méid sin mar chuid d’iarracht simplithe eiseamláireach an Aontais, arb é is aidhm dó dinimiceas gnó a spreagadh agus infheistíocht bhreise a mhealladh chun na hEorpa.
- Tá líon mór oibrithe oilte, córais láidre oideachais agus oiliúna, agus stát leasa láidir ag an Aontas. Sa lá atá inniu ann, tá níos mó ná 216.5 milliún duine, is é sin os cionn 75% den daonra, fostaithe, níos mó ná mar a bhí ag tráth ar bith eile i stair an Aontais.
Sa spotsolas
Chomhaontaigh institiúidí an Aontais an Treochlár ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’ a sheoladh lena gcuideofar chun clár oibre iomaíochais an Aontais a chur chun cinn. Shínigh Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an treochlár, agus leagtar amach ann gníomhaíochtaí agus spriocanna nithiúla le haghaidh comhaontuithe faoi dheireadh 2027 ar a dhéanaí, rud a chuirfidh borradh faoi fhás eacnamaíoch na hEorpa. Go háirithe, leagtar síos sa treochlár spriocanna do thograí reachtacha agus do chomhaontú na gcomhreachtóirí, iad sin agus athbhreithnithe ráithiúla chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 29 Bealtaine 2026






