Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  •  
  • Gach topaic
  • Eorabharaiméadar
  • Dlí an Aontais
  • Cúinne na foghlama
  • Europa Web Guide
  • European Commission visual identity
  •  
  • Tuilleadh eolais faoi acmhainní
  • Poist
  • Maoiniú agus tairiscintí
  • Imeachtaí
  • An Coimisiún Eorpach ar na meáin shóisialta
  •  
  • Tuilleadh eolais faoi ‘An Eoraip agus tusa’
  • Rialacha níos simplí le haghaidh geilleagar níos láidre

    Forléargas

    Tá simpliú rialacha an Aontais á chur ag an gCoimisiún Eorpach i gcroílár a chláir oibre don iomaíochas agus don rathúnas.  

    Is é an sprioc atá ann tacú leo siúd a chruthaíonn luach san Eoraip agus a chur in iúl don domhan go bhfuil an Eoraip lán dáiríre, agus ár n-ardchaighdeáin á gcoinneáil againn ag an am céanna. 

    Cén fáth ar gá rialacha an Aontais a shimpliú?

    Tá rialacha simplí soiléire ríthábhachtach do ghnólachtaí agus do shaoránaigh na hEorpa: 

    • Cuidíonn siad chun timpeallacht fhabhrach ghnó a chinntiú, rud a fhágann gur féidir le cuideachtaí infheistíocht a mhealladh, fás a dhéanamh, agus poist ardcháilíochta a chruthú ar fud an Aontais
    • Cuidíonn ualach riaracháin níos lú le saoránaigh am agus airgead a shábháil agus cuireann sé feabhas ar a gcáilíocht saoil

    Tá béim leagtha ag gnólachtaí san Aontas, idir bheag agus mhór, ar an gcaoi a bhfuil an t-ualach rialála ina bhac ar an bhfás. 

    D’éist an Coimisiún lena n-iarraidh agus tá sé ag gníomhú ina leith: tá bearta simpliúcháin molta againn a fhágfaidh gur fusa a bheidh sé do ghnólachtaí oibriú ar fud an mhargaidh aonair, agus cothroime iomaíochta á cinntiú agus ardchaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil á gcaomhnú ag an am céanna. 

    Cé na coigiltis ar féidir linn a bheith ag súil leo?

    €15 bhilliún an coigilteas riaracháin a baineadh amach go dtí seo
    €37.5 billiún coigiltis riaracháin faoi 2029

    Lenár n-iarrachtaí simpliúcháin go dtí seo, sábhálfar thart ar €15 bhilliún i gcostais riaracháin bhliantúla ar ghnólachtaí, ar thionscail, ar fheirmeoirí agus ar údaráis náisiúnta. 

    Is féidir na billiúin euro de choigiltis a infheistiú sa gheilleagar gach bliain, airgead a bheidh atreoraithe ón maorlathas go poist, nuálaíocht agus fás.

    Téann sé chun tairbhe go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Tríd an ualach riaracháin a laghdú 35% ar a laghad do FBManna, cuidíonn an simpliú le cuideachtaí beaga níos lú ama a chaitheamh ar mhaorlathas agus níos mó ama a chaitheamh ar a ngnó a fhorbairt. 

    Ar fud na ngnólachtaí uile, tá sé beartaithe againn an t-ualach riaracháin a laghdú 25% ar a laghad, is é sin coigilteas €37.5 billiún a mheastar a bheith ann faoi 2029.

    An simpliú faoi lán seoil

    Tá sraith beart simpliúcháin curtha i láthair ag an gCoimisiún, ina measc sin 10 dtogra omnibus, ar fud earnálacha éagsúla. 

    Togra reachtach aonair is ea togra omnibus lena leasaítear roinnt dlíthe de chuid an Aontais ag an am céanna, ar fud an réimse beartais chéanna de ghnáth. Cinntíonn an cur chuige sin gur féidir linn dul chun cinn tapa a dhéanamh maidir lenár spriocanna. 

    Ní mór do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle araon na tograí a ghlacadh sula dtaga siad i bhfeidhm. Glacadh roinnt tograí omnibus cheana féin, agus tá tograí eile fós á gcur faoi chaibidil.

    Seo thíos na bearta simpliúcháin atá molta againn go dtí seo, ina measc sin an coigilteas agus an tionchar a mheastar a bheidh acu, agus an stádas atá acu faoi láthair: 

    • Tuairisciú inbhuanaitheachta
      • Coigilteas €4.5 billiún trí na rialacha maidir le maoiniú inbhuanaithe a shimpliú
      • Coigilteas €1.2 billiún tríd an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT) a shimpliú
      • Ceanglais tuairiscithe a shimpliú agus a laghdú do ghnólachtaí agus díolúintí ó rialacha SCCT do 90% d’iompórtálaithe 
      • Stádas: glactha
    • Infheistíochtaí
      • Coigilteas €350 milliún, agus coigilteas caiteachais riaracháin aonuaire €324 mhilliún mar chuid de sin
      • Cuideoidh na rialacha simplithe chun infheistíocht phoiblí agus phríobháideach dar luach timpeall €50 billiún a shlógadh
      • Stádas: glactha 
    • An comhbheartas talmhaíochta (CBT)
      • Coigilteas €1.8 billiún do na feirmeoirí
      • Coigilteas €210 milliún do na húdaráis riaracháin
      • Ualach riaracháin laghdaithe do na feirmeoirí agus rochtain níos tapa ar mhaoiniú, go háirithe d’fheirmeoirí beaga
      • Stádas: glactha
    • Margadh aonair
      • Coigilteas €380 milliún
      • Cuideoidh nósanna imeachta digitithe agus simplithe le 38,000 cuideachta san Aontas fás a dhéanamh
      • Stádas: molta
    • An tionscal cosanta
      • Coigilteas €1.2 billiún, agus coigilteas caiteachais riaracháin €710 milliún mar chuid de sin
      • Próiseas ceadúcháin níos tapa chun ceannacháin a shimpliú agus chun cuidiú le tíortha den Aontas freagairt go tapa ar bhagairtí
      • Stádas: molta 
    • Ceimiceáin
      • Coigilteas €290 milliún
      • Laghdóidh rialacha lipéadaithe simplithe agus nósanna imeachta clárúcháin simplithe an t-ualach riaracháin, agus ardchaighdeáin sábháilteachta agus chomhshaoil á gcoinneáil ag an am céanna
      • Stádas: molta
    • Cúrsaí digiteacha, IS, cibearshlándáil agus sonraí
      • Coigilteas €1.2 billiún
      • Laghdóidh rialacha simplithe an t-ualach riaracháin agus tacóidh siad leis an nuálaíocht, agus cosaint láidir príobháideachais á coinneáil ag an am céanna
      • Stádas: molta
    • Reachtaíocht chomhshaoil
      • Coigilteas €1 bhilliún, agus coigilteas bliantúil €890 milliún san áireamh
      • Cuirfidh measúnuithe agus tuairisciú simplithe comhshaoil dlús le próisis cheadúcháin agus laghdóidh siad an t-ualach riaracháin ar an tionscal agus ar fheirmeoirí 
      • Stádas: molta 
    • An earnáil mótarfheithiclí
      • Coigilteas €51 mhilliún
      • Le ceanglais theicniúla shimplithe agus nósanna imeachta tástála simplithe, cuirfear feabhas ar an tsoiléireacht dhlíthiúil agus laghdófar na costais ar mhonaróirí
      • Stádas: molta 
    • Bia agus beatha
      • Coigilteas €939 milliún
      • Laghdóidh na rialacha simplithe an t-ualach riaracháin agus na costais, agus caighdeáin sábháilteachta agus inbhuanaitheachta an-ard á gcoinneáil ag an am céanna
      • Stádas: molta 
    • Bearta eile: Feistí leighis
      • Coigilteas bliantúil €3.3 billiún, agus coigilteas riaracháin €2.4 billiún san áireamh
      • Le nósanna imeachta níos éasca, cuirfear táirgí ar an margadh ar dhóigh níos tapa, rud a thacóidh le cuideachtaí agus le hothair araon
      • Stádas: molta 

    Na chéad céimeanna eile

    Leanfaimid de bheith ag obair le Parlaimint na hEorpa, leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile chun rialacha an Aontais a shimpliú a thuilleadh.

    In 2026 tá pacáistí simpliúcháin breise beartaithe, lena ndíreofar ar phríomhréimsí amhail táirgí fuinnimh, cánachas agus saoránaigh. Tá na tionscnaimh sin ceaptha rialacha a chomhchuibhiú a thuilleadh, oibleagáidí tuairiscithe a shimpliú, agus caiteachas riaracháin a laghdú do ghnólachtaí agus d’údaráis phoiblí. 

    Rianóimid fíorthionchar ár mbeart chun a chinntiú go rachaidh an simpliú go mór chun tairbhe do ghnólachtaí agus do shaoránaigh, agus ardchaighdeáin á gcoinneáil ag an am céanna.

    Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 27 Márta 2026