An méid a dhéantar le buiséad an Aontais:
Le buiséad an Aontais Eorpaigh maoinítear tionscadail agus infheistíochtaí a chuireann feabhas ar shaol daoine ar fud na hEorpa. Tacaíonn sé le saoránaigh, le gnólachtaí agus le réigiúin laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin.
Infheistítear buiséad an Aontais i réimsí ina mbaintear an leas is fearr is féidir as obair i gcomhar: poist a chruthú, cúram sláinte agus oideachas a nuachóiriú, taighde ceannródaíoch a mhaoiniú, tacú le cuideachtaí Eorpacha, agus an tslándáil a neartú. Cuidíonn sé chun feabhas a chur ar bhonneagar iompair agus fuinnimh, dul i ngleic leis an athrú aeráide agus dul chun cinn digiteach a chur chun cinn.
Cuireann sé ar chumas an Aontais gníomhú go tapa freisin nuair a bhuaileann tubaistí trí fhoirne comhraic dóiteáin nó tarrthála a sheoladh, agus trí chabhrú leis na Ballstáit freagairt do ghéarchéimeanna móra, ar nós phaindéim COVID-19 nó tionchair chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Beidh buiséad fadtéarmach reatha an Aontais, ar a dtugtar an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI)), i bhfeidhm ó 2021 go 2027. Is ionann é agus thart ar €1.2 trilliún – tuairim is 1% de OTI an Aontais – agus treisítear é le NextGenerationEU, ionstraim théarnaimh shealadach dar luach isteach agus amach le €800 billiún.

Déanann buiséad an Aontais comhlánú ar na buiséid náisiúnta. Dírítear é ar réimsí ina mbíonn tionchar níos mó ag gníomhaíocht chomhchoiteann ná mar a d’fhéadfadh tíortha a bhaint amach ina n-aonar. Gach bliain, glactar buiséad bliantúil laistigh den chreat fadtéarmach, lena dtacaítear le tosaíochtaí ar nós an mhéid seo a leanas:
- Iomaíochas, poist ar ardchaighdeán a chruthú, lena rannchuidítear leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach
- Tionscadail a bhfuil gné Eorpach ag baint leo, cuir i gcás bonneagar trasteorann, malartuithe mac léinn nó tionscadail ilnáisiúnta
- Slándáil bia, tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí, talmhaíocht inbhuanaithe agus ardcháilíocht saoil a chur chun cinn ar fud na réigiún uile
- Cosaint agus slándáil
- Freagairt chomhroinnte ar ghéarchéimeanna agus éigeandálaí, cuir i gcás paindéim COVID-19 nó tionchair chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
- Gníomhaíochtaí domhanda an Aontais trí chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, comhar um fhorbairt agus cabhair dhaonnúil.
Tá an chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais le teacht, ó tharla go bhfuil buiséad ilbhliantúil nua de dhíth ar an Aontas, ó 2028 ar aghaidh.
Príomhfhigiúirí
Réimsí gníomhaíochta
An díospóireacht atá ag dul ar aghaidh faoi láthair faoin mbuiséad - agus an chaoi ar tháinig forbairt air le himeacht ama.
Eolas faoin mbuiséad atá i bhfeidhm faoi láthair (2021-2027), agus faoin mbuiséad roimhe sin (2014-2020)
Fíricí agus figiúirí i dtaca leis an Aontas Eorpach ina cháil mar iasachtaí ar na margaí caipitil
Foghlaim faoin gcaoi a ndéantar an buiséad bliantúil a ullmhú, a chur i bhfeidhm agus a mheasúnú
Eolas faoi chur i bhfeidhm, feidhmíocht agus torthaí bhuiséad an Aontais agus a chláir.
Eolas faoi thairbhithe buiséid, torthaí tionscadal beartais réigiúnaigh, agus sonraí a bhaineann le maoiniúchán agus an méid a baineadh amach faoi chláir a bhfuair maoiniú ón Aontas
Bearta chun buiséad an Aontais a chosaint
Maoiniú chun tacú le tionscal na hEorpa agus borradh a chur faoin infheistíocht i dteicneolaíochtaí criticiúla
Na príomhnithe a baineadh amach
- Is é an tAontas an príomhdheontóir cabhrach daonnúla ar domhan. In 2024, leithdháileadh os cionn €2.49 billiún i gcabhair dhaonnúil ó bhuiséad an Aontais, rud a chuidigh le níos mó ná 300 milliún duine.
- In 2024, leithdháileadh beagnach €61 bhilliún chun tacú le cuspóirí aeráide, agus díríodh os cionn €14 bhilliún ar chuspóirí bithéagsúlachta. Is ionann na méideanna sin agus 32% agus 6.7% de bhuiséad iomlán an Aontais faoi seach.
- In 2024, thacaigh beagnach €38 mbilliún de bhuiséad an Aontais le comhionannas inscne: sin 19% den bhuiséad iomlán.
- Tá Galileo, córas loingseoireachta satailíte an Aontais, in úsáid ag níos mó ná 4 bhilliún úsáideoir fón cliste ar fud an domhain.
- Trí bhuiséad an Aontais, bhain 16 mhilliún duine tairbhe as an gClár Erasmus ó bhí 1987 ann, rud a chuir ar a gcumas staidéar, oiliúint nó obair a dhéanamh thar lear.
- Le hinfheistíochtaí a rinneadh trí bhuiséad an Aontais, maoiníodh suiteáil 3,613 km de cháblaí leictreachais trasteorann idir 2014 agus 2020.
- Ó thús fhogha na Rúise faoin Úcráin, tá tacaíocht chuimsitheach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo curtha ar fáil ag an Aontas don Úcráin agus dá muintir. Shlóg sé níos mó ná €158 mbilliún i dtacaíocht airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta, i réimsí ríthábhachtacha ina measc, cuir i gcás dímhianú, fuinneamh agus coireanna na Rúise a ionchúiseamh.
- Bronnadh níos mó ná 30 duais Nobel ar thaighdeoirí a fuair tacaíodh dá gcuid oibre ó bhuiséad an Aontais, rud a tharraing aird ar fheabhas na heolaíochta san Aontas.
- In 2024, maoiníodh 5 scannán a ainmníodh do ghradam Oscar le buiséad an Aontais, rud a léiríonn tionchar na tacaíochta do thionscail chruthaitheacha.
Sa spotsolas
Tá buiséad an Aontais Eorpaigh (AE) ag tacú le tionscadail agus le hinfheistíochtaí chun cáilíocht saoil shaoránaigh na hEorpa a fheabhsú. Tacaíonn sé le saoránaigh, le gnólachtaí agus le réigiúin ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin.
Tá an chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais le teacht, ó tharla go bhfuil buiséad ilbhliantúil nua de dhíth ar an Aontas, ó 2028 ar aghaidh.
I mí Iúil 2025, rinne an Coimisiún Eorpach a thogra le haghaidh an bhuiséid fhadtéarmaigh nua a thíolacadh. Leagtar amach ann buiséad níos simplí lena méadófar tionchar na n-infheistíochtaí a bhfuil breisluach AE ag baint leo.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 9 Márta 2026






