Conradh Nice agus an Coinbhinsiún maidir le Todhchaí an Aontais Eorpaigh
Níor éirigh le Conradh Nice an tAontas Eorpach a ullmhú ach i bpáirt do na méaduithe tábhachtacha suntasacha soir agus ó dheas a tharla an 1 Bealtaine 2004 agus an 1 Eanáir 2007. Dá bhrí sin, mar chuid de na conclúidí ón gcruinniú den Chomhairle Eorpach in Laeken i mí na Nollag 2001, bhunaigh ceannairí an Aontais an Coinbhinsiún Eorpach ar Thodhchaí na hEorpa – mar iarracht chun bunús dlí nua a chruthú don Aontas i bhfoirm conartha ag bunú Bunreachta don Eoraip. Nuair a dhiúltaíodh dó i reifrinn in dhá Bhallstát, níor daingníodh an conradh sin.
Conradh Nice
An 26 Feabhra 2001 síníodh Conradh Nice, lenar leasaíodh an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE), na Conarthaí ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus gníomhartha gaolmhara áirithe, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2003.
A. Cuspóirí
Ceanglaíodh le conclúidí na Comhairle Eorpaí in Heilsincí in 1999 go mbeadh AE in ann, faoi dheireadh 2002, fáilte a chur roimh na tíortha iarrthacha a bhí réidh chun aontú leis an Aontas mar Bhallstáit nua. Ós rud é nach raibh ach dhá cheann de na tíortha iarrthacha ann a raibh daonra acu a bhí níos mó ná meán an daonra i mBallstát ag an tráth sin, bhí tionchar polaitiúil na dtíortha sin ag a raibh daonraí níos lú ar tí méadú go suntasach. Dá bhrí sin, is é an sprioc a bhí le Conradh Nice éifeachtúlacht agus dlisteanacht institiúidí an Aontais a mhéadú agus an tAontas a ullmhú dá chéad mhéadú mór eile.
B. An cúlra
Tugadh aghaidh ar roinnt saincheisteanna institiúideacha ag comhdhálacha idir-rialtasacha (CIRanna) de chuid an Aontais in Maastricht in 1992 agus in Amstardam in 1997, ach bhí siad fós gan réiteach sásúil. Ar na saincheisteanna sin, ar tugadh ‘fuílligh Amstardam’ orthu, bhí méid agus comhdhéanamh an Choimisiúin, ualú na vótaí sa Chomhairle, agus síneadh na vótála trí thromlach cáilithe. Ar bhonn tuarascála ó Uachtaránacht na Fionlainne, chinn an Chomhairle Eorpach i Heilsincí ag deireadh 1999 gur cheart do CIR déileáil leis na fuílligh agus leis na hathruithe eile go léir a bhí de dhíth le bheith ullamh don mhéadú.
C. Clár
D’oscail CIR a bhí mar thoradh air sin an 14 Feabhra 2000 agus chríochnaigh sé a chuid oibre in Nice an 10 Nollaig 2000. Tháinig sé ar chomhaontú ar cheisteanna institiúideacha agus ar raon de phointí eile, is iad sin leithdháileadh nua na suíochán i bParlaimint na hEorpa, socruithe níos solúbtha le haghaidh comhar feabhsaithe, faireachán ar chearta bunúsacha agus luachanna in AE, agus córas breithiúnach AE a neartú.
1. Ualú na vótaí sa Chomhairle
Agus an córas vótála sa Chomhairle, comhdhéanamh an Choimisiúin agus, go pointe áirithe, leithdháileadh na suíochán i bParlaimint na hEorpa á gcur san áireamh le chéile aige, tháinig CIR 2000 ar an gconclúid gurbh é an rud ba thábhachtaí ná ualú coibhneasta vótaí na mBallstát sa Chomhairle a athrú – ábhar nár thug aon CIR eile aghaidh air ó 1956-1957, as ar eascair Conradh na Róimhe.
Breithníodh dhá bhealach chun tromlach cáilithe a shainiú: córas ualaithe nua (a d’athródh an ceann a bhí ann cheana) nó tromlach déach (de na vótaí agus an daonra) a chur i bhfeidhm. Is é an Coimisiún a mhol an dara réiteach sin agus d’fhormhuinigh an Pharlaimint é. Roghnaigh CIR an chéad rogha. Méadaíodh líon na vótaí do gach Ballstát, ach laghdaíodh an sciar a bhí ag na Ballstáit a raibh na daonraí ba mhó acu: roimhe sin ba é sin 55% de na vótaí, ach thit sé go 45% nuair a chuaigh na 10 mBallstát nua isteach san Aontas in 2004, agus go 44.5% an 1 Eanáir 2007. In éineacht leis na hathruithe sin tugadh isteach ‘líontán sábhála’ déimeagrafach: féadfaidh Ballstát a iarraidh go bhfíordheimhneofar gur 62% ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais an tromlach cáilithe. Murab amhlaidh an cás, ní féidir an cinneadh is ábhar don vótáil a ghlacadh.
2. An Coimisiún
a. Comhdhéanamh
Ó 2005 i leith, mar a shonraítear i gConradh Nice, tá Coláiste Coimisinéirí an Choimisiúin comhdhéanta de Choimisinéirí amháin in aghaidh an Bhallstáit. Tá sé de chumhacht ag an gComhairle, ag gníomhú di d’aon toil, cinneadh a dhéanamh maidir le líon na gCoimisinéirí agus na socruithe i gcomhair córas uainíochta Ballstát, ag áirithiú go léiríonn gach Coimisiún raon déimeagrafach agus geografach na mBallstát.
b. Eagar inmheánach
Tugann Conradh Nice an chumhacht d’Uachtarán an Choimisiúin freagrachtaí a leithdháileadh ar na Coimisinéirí agus iad a athshannadh le linn a théarma nó a téarma oifige, chomh maith leis an gcumhacht Leas-Uachtaráin a roghnú agus líon na Leas-Uachtarán a chinneadh.
3. Parlaimint na hEorpa
a. Comhdhéanamh
Socraíodh le Conradh Amstardam gurb é 700 líon uasta na bhFeisirí. Agus Conradh Nice á fhorbairt aici, shíl an Chomhairle Eorpach gur ghá, agus í ag féachaint do mhéadú ar an Aontas, líon na bhFeisirí do gach Ballstát a athbhreithniú. Baineadh feidhm freisin as comhdhéanamh nua na Parlaiminte chun cúiteamh a dhéanamh ar ualú athraithe na vótaí sa Chomhairle. Socraíodh dá bharr sin gurbh é 732 líon uasta na bhFeisirí.
b. Cumhachtaí
Cuireadh ar a cumas don Pharlaimint, ar aon dul leis an gComhairle, an Coimisiún, agus na Ballstáit, agóid dhlíthiúil a dhéanamh i gcoinne gníomhartha na bpríomhchinnteoirí atá i gceannas ar riarachán AE – i gcás na Parlaiminte, is iad sin na Comhairle nó an Choimisiúin – nó an Bhainc Ceannais Eorpaigh mar gheall ar easpa inniúlachta, sárú ar cheanglas riachtanach nós imeachta, sárú ar na Conarthaí nó ar aon ábhar maidir leis an smacht reachta a bhaineann lena chur i bhfeidhm, nó mí-úsáid cumhachtaí.
Ag leanúint as togra ón gCoimisiún, leasaíodh Airteagal 191 CAE le Conradh Nice chun an bunús dlí oibríochtúil a chruthú chun rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal an Aontais agus rialacha maidir lena gcistiú a ghlacadh faoin nós imeachta comhchinnteoireachta.
Méadaíodh cumhachtaí reachtóireachta na Parlaiminte trí raon feidhme an nós imeachta comhchinnteoireachta a fhairsingiú beagán agus trí aontú na Parlaiminte a bheith riachtanach chun comhar feabhsaithe i réimsí atá cumhdaithe ag an gcomhchinnteoireacht a bhunú. Ní mór tuairim na Parlaiminte a iarraidh freisin má roghnaíonn an Chomhairle seasamh a ghlacadh maidir le riosca a bhaineann le sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha i mBallstát.
4. Athchóiriú ar an gcóras breithiúnach
a. Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Le Conradh Nice, tugadh de chumhacht do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) suí i roinnt foirmíochtaí éagsúla: i ndlísheomraí (a mbíonn trí nó cúig bhreitheamh inti), i Mór-Dhlísheomra (11 bhreitheamh) nó mar Chúirt iomlán. Féadfaidh an Chomhairle, ag feidhmiú di d’aon ghuth, líon na nAbhcóidí Ginearálta a mhéadú. Choinnigh CBAE dlínse ar cheisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú, ach cuireadh ar a cumas, faoina Reacht, raon méadaithe caingne nó imeachtaí a tharchur chuig an gCúirt Ghinearálta – arbh í an Chúirt Chéadchéime í roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin i mí na Nollag 2009.
b. An Chúirt Ghinearálta
Méadaíodh cumhachtaí na Cúirte Ginearálta ionas go gcuirfí catagóirí áirithe de réamhrialuithe san áireamh iontu, leis an bhféidearthacht go mbunófaí painéil bhreithiúnacha le cinneadh d’aontoil ón gComhairle. Ina dhiaidh sin, leagadh amach sa Chonradh leasaithe ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (CCE) na forálacha oibríochta sin uile, go háirithe maidir le cumhachtaí na Cúirte.
5. Nósanna imeachta reachtacha
Cé gur ghá as sin amach vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle a dhéanamh ar líon suntasach (27) de bheartais agus de bhearta nua, níor leathnaíodh an chomhchinnteoireacht ach amháin go dtí líon beag de mhionréimsí (a bhí cumhdaithe ag sean-Airteagail 13, 62, 63, 65, 157, 159 agus 191 CCE); do ghnóthaí a bhí cumhdaithe ag sean-Airteagal 161 CCE, bhí aontú de dhíth feasta.
6. Comhar feabhsaithe
Amhail Conradh Amstardam, bhí forálacha ginearálta i gConradh Nice a raibh feidhm acu maidir le gach réimse den chomhar feabhsaithe agus forálacha a bhaineann go sonrach le gach ceann de thrí ‘cholún’ an Aontais – nó inniúlachtaí – a bunaíodh le Conradh Maastricht: colún na gComhphobal Eorpach, an colún Coiteann Eachtrach agus Slándála, agus an colún Ceartais agus Gnóthaí Baile. Ba faoin gcéad agus an tríú colún amháin a rinneadh foráil i gConradh Amstardam maidir le comhar feabhsaithe, ach chuimsigh Conradh Nice gach ceann de na trí cholún.
Rinneadh tuilleadh athruithe le Conradh Nice: níor rogha é a thuilleadh tarchur chuig an gComhairle Eorpach, rinneadh soiléiriú ar an gcoincheap ‘tréimhse ama réasúnta’, agus bhí aontú na Parlaiminte de dhíth feasta i ngach réimse inar bhain comhar feabhsaithe le ceist a bhí cumhdaithe ag an nós imeachta comhchinnteoireachta.
7. Cosaint ar chearta bunúsacha
Le Conradh Nice, cuireadh mír le hAirteagal 7 CAE chun cásanna a chumhdach nach raibh sárú follasach ar chearta bunúsacha ag baint leo go hiarbhír ach go raibh ‘baol soiléir’ ann go dtarlóidh sé. Suíonn an Chomhairle, ag gníomhú di le tromlach de cheithre chúigiú dá comhaltaí agus tar éis aontú na Parlaiminte a fháil, gur ann don bhaol agus seolann sí moltaí iomchuí chuig an mBallstát i dtrácht. Fógraíodh Cairt neamhcheangailteach um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
D. Ról Pharlaimint na hEorpa
Mar ab amhlaidh i gcás CIRanna roimhe sin, bhí an Pharlaimint rannpháirteach go gníomhach in ullmhúchán do CIR 2000. I rúin uithi an 18 Samhain 1999 maidir le hullmhú an athchóirithe ar na Conarthaí agus an chéad Chomhdháil Idir-rialtasach eile agus an 31 Bealtaine 2001 maidir le Conradh Nice agus todhchaí an Aontais Eorpaigh, thug sí a tuairimí maidir le clár na comhdhála agus a dul chun cinn agus a cuspóirí. Chuir an Pharlaimint a tuairim in iúl freisin maidir le substaint agus impleachtaí breithiúnacha na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. D’áitigh an Pharlaimint gur cheart go mbeadh CIR 2000 trédhearcach, agus go mbeadh páirt ag feisirí Eorpacha agus náisiúnta agus ag an gCoimisiún ann, chomh maith le hionchur ó na gnáthdhaoine, agus cibé doiciméad a chruthódh an Chomhdháil gur cheart go mbeadh cuma bhunreachta uirthi.
Coinbhinsiún ar Thodhchaí na hEorpa
A. Bunús agus cuspóirí
I gcomhréir le Dearbhú Uimh. 23 atá i gceangal le Conradh Nice, cinneadh ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach in Laeken an 14 agus an 15 Nollaig 2001 go ndéanfaí an Coinbhinsiún ar Thodhchaí na hEorpa a eagrú chun na príomhpháirtithe lena mbaineann a thabhairt le chéile le haghaidh díospóireachtaí agus plé ar thodhchaí an Aontais. Ba iad na cuspóirí a bhí ann ná an chéad CIR eile a ullmhú ar bhealach chomh trédhearcach agus ab fhéidir agus aghaidh a thabhairt ar na ceithre phríomh-shaincheist maidir le forbairt AE: roinnt níos fearr ar inniúlachtaí; simpliú ar na hionstraimí atá ag AE chun gníomhaíocht a dhéanamh; an daonlathas, trédhearcacht agus éifeachtúlacht a mhéadú; agus bunreacht do shaoránaigh an Aontais a dhréachtú.
B. Eagar
Bhí an Coinbhinsiún comhdhéanta de chathaoirleach (Valéry Giscard d’Estaing), beirt leaschathaoirleach (Giuliano Amato agus Jean-Luc Dehaene), 15 ionadaí de chinn stáit nó rialtais na mBallstát, 30 teachta ó pharlaimintí náisiúnta (beirt ó gach Ballstát), 16 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa agus beirt Choimisinéirí. Ghlac tíortha a rinne iarratas dul isteach san Aontas páirt freisin sa díospóireacht ar comhchéim leis na Ballstáit, ach ní raibh cead acu bac a chur ar aon chomhdhearcadh a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, bhí 105 chomhalta san iomlán ag an gCoinbhinsiún.
Bhí an Coinbhinsiún á threorú ag a Praesidium, arb é a bhí ann, i dteannta an chathaoirligh agus na leaschathaoirleach, naonúr comhaltaí den Choinbhinsiún agus ionadaí dár tugadh cuireadh arna roghnú ag na tíortha iarrthacha. An ról a bhí ag an bPraesaidiam ná dlús a chur leis an gCoinbhinsiún agus bunús a thabhairt dó ar a bhféadfadh sé oibriú.
C. An toradh
Bhí an méid seo a leanas i gceist le hobair an Choinbhinsiúin ar Thodhchaí na hEorpa: ‘céim éisteachta’, inar fhéach sé le hionchais agus riachtanais na mBallstát agus shaoránaigh an Aontais a shainaithint; céim ar lena linn a rinneadh staidéar ar na smaointe a cuireadh in iúl; agus céim ar lena linn a dréachtaíodh moltaí bunaithe ar bhunbhrí na díospóireachta. Ag deireadh na bliana 2002, thíolaic 11 mheitheal a dtorthaí don Choinbhinsiún. Le linn an chéad leath de 2003, tharraing an Coinbhinsiún suas agus rinne sé plé ar théacs a tháinig chun bheith ina dhréacht-Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip.
Leagadh Cuid I den dréacht-Chonradh (59 n-airteagal) agus Cuid II (an Chairt um Chearta Bunúsacha; 54 airteagal) roimh an gComhairle Eorpach a tháinig le chéile in Thessaloniki an 20 Meitheamh 2003. Cuireadh Cuid III (beartais agus feidhmiú; 342 airteagal) agus Cuid IV (forálacha ginearálta agus críochnaitheacha; 10 n-airteagal) i láthair roimh Uachtaránacht na hIodáile an 18 Iúil 2003. Rinne an Chomhairle Eorpach an téacs sin a ghlacadh an 18 Meitheamh 2004. agus comhdhéanamh bunúsach an dréachta ón gCoinbhinsiún fós ann, ach líon mór leasuithe déanta air. Rinne Parlaimint na hEorpa an conradh a beartaíodh a fhormheas i mí Eanáir 2005, ach dhiúltaigh an Fhrainc dó ina dhiaidh sin (29 Bealtaine 2005) agus rinne an Ísiltír amhlaidh (1 Meitheamh 2005) ina reifrinn náisiúnta. Mar thoradh ar dhá reifreann in dhá cheann de na Ballstáit a raibh ‘níl’ mar thoradh orthu, níor cuireadh i gcrích an nós imeachta maidir le daingniú an Chonartha ag bunú Bunreachta don Eoraip.
D. Ról Pharlaimint na hEorpa
Mheas formhór na mbreathnóirí gur imir na Feisirí tionchar cinntitheach le linn don Choinbhinsiúin ar Thodhchaí na hEorpa a bheith i mbun oibre. A bhuí le tosca éagsúla, lena n-áirítear a dtaithí caibidliú a dhéanamh i dtimpeallacht idirnáisiúnta agus ós rud é gur reáchtáladh cruinnithe an Choinbhinsiúin ar áitreabh na Parlaiminte, d’éirigh leis na Feisirí tionchar láidir a imirt ar na díospóireachtaí agus ar imeachtaí an Choinbhinsiúin. Bhí baint mhór acu freisin i mbunú na bhfiní polaitiúla ina bhfuil Feisirí Eorpacha agus teachtaí de pharlaimintí náisiúnta. Ar an dóigh sin, ghnóthaigh an Pharlaimint cuid mhór dá cuspóirí bunaidh, agus tá an chuid is mó de sin coimircithe anois i gConradh Liospóin.
Is í an Roinn Beartais um Cheartas, um Shaoirsí Sibhialta agus um Ghnóthaí Institiúideacha i bParlaimint na hEorpa a d’ullmhaigh an bhileog eolais seo.
Mariusz Maciejewski