Míniú ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais

Conas a mhaoinítear an tAontas agus cá dtéann an t-airgead? Léigh leat chun tuiscint a fháil ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais agus ar an tslí a gcinntear é.

Daoine i gcathair ag teacht le chéile faoi spéir ghorm agus bratach an Aontais.
Baineann daoine ó gach cearn den Aontas tairbhe as infheistíochtaí a bheartaítear sa bhuiséad fadtéarmach.

Cabhraíonn buiséad fadtéarmach an Aontais leis na milliúin Eorpach, feirmeoirí, mic léinn, taighdeoirí, cathracha, gnólachtaí, réigiúin agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ina measc. Cuireann sé le taighde ceannródaíoch, bia níos sláintiúla agus níos sábháilte, bóithre, iarnróid agus aerfoirt nua agus níos fearr, timpeallacht níos glaine agus slándáil níos fearr ag teorainneacha seachtracha an Aontais.

Is é an bunsmaoineamh atá leis ná go ndéanann comhthiomsú acmhainní an Eoraip níos láidre agus go gcuireann sé borradh faoin rathúnas.

Ós rud é nach ritheann an buiséad fadtéarmach reatha ach ó 2021 go 2027, tá an t-ullmhúchán faoi lán seoil don chéad bhuiséad eile.

Cad é buiséad fadtéarmach an Aontais?


Tugtar an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais uaireanta, mar a thugtar air i gceann de chonarthaí an Aontais. Leagtar amach ann na teorainneacha atá ar an méid airgid is féidir leis an Aontas a infheistiú thar thréimhse cúig bliana ar a laghad i réimsí éagsúla beartais. Socraíodh tréimhse seacht mbliana do bhuiséid fhadtéarmacha a bhí ann le déanaí.

Ceann de na cúiseanna a bhfuil buiséad fadtéarmach ag an Aontas ná é a dhéanamh níos éasca do thairbhithe na gclár ar mian leis an Aontas iad a mhaoiniú pleanáil agus méadú a dhéanamh ar a n-éifeachtúlacht. Bíonn an intuarthacht sin riachtanach, mar shampla, do thaighdeoirí atá ag obair ar thionscadail eolaíocha a thógann roinnt blianta le cur i gcrích nó nuair is gá mórthionscadail bhonneagair a mhaoiniú.

Tá méid áirithe solúbthachta de dhíth ar an mbuiséad fadtéarmach freisin chun déileáil le géarchéimeanna agus éigeandálaí gan choinne, amhail paindéimí nó tubaistí nádúrtha tar éis teagmhais adhaimsire. Dá bhrí sin, tá roinnt ionstraimí san áireamh ann chun a chinntiú gur féidir airgead a úsáid sna háiteanna is mó a bhfuil gá leis in imthosca gan choinne.

Murab ionann agus buiséid náisiúnta, is mó a úsáidtear buiséad an Aontais mar bhuiséad infheistíochta. Mar shampla, ní úsáidtear é chun bunoideachas ná córais sláinte náisiúnta a mhaoiniú. Ina ionad sin, dírítear den chuid is mó ar réimsí inar féidir leis an Aontas difear a dhéanamh trí leas a bhaint as barainneachtaí scála, dúbláil a sheachaint, borradh a chur faoin bhfás agus faoin iomaíochas nó an dlúthpháirtíocht a chur i bhfeidhm.

Cad air a gcaitheann an tAontas airgead?


Tacaíonn buiséad an Aontais le taighde agus nuálaíocht, le hinfheistíocht i ngréasáin iompair agus fuinnimh na hEorpa, agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a fhorbairt, agus é mar aidhm leis sin borradh a chur faoin bhfás agus poist a chruthú san Aontas.

Faoin mbuiséad fadtéarmach reatha, leithdháiltear an sciar is mó den mhaoiniú ar chomhbheartas talmhaíochta (CBT) an Aontais, mar aon leis an gcomhbheartas iascaigh agus an beartas comhshaoil. Ina dhiaidh sin, tugtar an maoiniú is mó ón Aontas do chláir an bheartais ‘chomhtháthaithe’ a thacaíonn leis na réigiúin is boichte. Úsáidtear an buiséad fadtéarmach freisin chun tionscadail cabhrach daonnúla agus forbartha idirnáisiúnta a mhaoiniú.

Tuilleadh eolais faoi na cláir a dtacaíonn an buiséad fadtéarmach leo agus na tionscadail a mhaoinítear i do réigiún.

Conas a mhaoinítear buiséad fadtéarmach an Aontais?

Tagann maoiniú bhuiséad fadtéarmach an Aontais ó mheascán d’fhoinsí éagsúla ioncaim. Ina measc:

  • Tagann níos mó ná leath de bhuiséad an Aontais ó ranníocaíochtaí na mBallstát, a thugann beagán os cionn 1% dá OIN;
  • dleachtanna iompórtála ar tháirgí a thagann isteach san Aontas;
  • fíneálacha a ghearrtar ar chuideachtaí a sháraíonn rialacha iomaíochta an Aontais;
  • céatadán beag den cháin bhreisluacha (CBL) a bhailíonn gach Ballstát;
  • ó 2021, ranníocaíocht ó na Ballstáit bunaithe ar mhéid na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a tháirgeann siad.

D’fhéadfaí cur leis na foinsí ioncaim do bhuiséad an Aontais amach anseo.

I mí na Samhna 2023, thacaigh an Pharlaimint le togra ón gCoimisiún chun trí fhoinse nua a thabhairt isteach: ioncam ó thrádáil astaíochtaí; ioncam ó thobhach carbóin ar earraí iompórtáilte, agus ranníocaíocht atá bunaithe ar bhrabúis chorparáideacha. Ní mór do Chomhairle an Aontais Eorpaigh an togra sin a fhormhuiniú d’aon toil agus ní mór do na 27 mBallstát é a dhaingniú ina dhiaidh sin ionas gur féidir leis teacht i bhfeidhm, ach is beag dul chun cinn atá déanta.

Mhol an Coimisiún foinsí nua ioncaim in 2025, chun an buiséad fadtéarmach nua a mhaoiniú, ag tosú in 2028. Chuir sé trí smaoineamh nua d’fhoinsí nua ioncaim i láthair, lena n-áirítear dleacht mháil tobac, ranníocaíocht chnapshuime bhliantúil ó chuideachtaí nach cuideachtaí beaga agus meánmhéide iad, agus dleachtanna ar dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus ar ríomhthráchtáil.

Féach ar an bhfíseán a mhíníonn buiséad fadtéarmach an Aontais

Conas a chinnfear céad bhuiséad fadtéarmach eile an Aontais?


I mí Iúil 2025, leag an Coimisiún Eorpach a thogra amach do chéad bhuiséad fadtéarmach eile an Aontais.

Sa Pharlaimint, bhí scrúdú á dhéanamh ag na Feisirí ar an togra ón gCoimisiún agus tá a seasamh caibidlíochta ullmhaithe acu.

A luaithe a chinnfidh na Ballstáit a seasamh sa Chomhairle, is féidir tús a chur leis an gcaibidlíocht chun teacht ar chomhaontú faoin gcéad bhuiséad fadtéarmach eile roimh dheireadh 2027.

Ní mór do na Ballstáit an buiséad fadtéarmach a ghlacadh d’aon toil sa Chomhairle. Ach roimhe sin, ní mór do Pharlaimint na hEorpa a toiliú a thabhairt.

Togra an Choimisiúin don chéad bhuiséad fadtéarmach eile


Ritheann buiséad fadtéarmach reatha an Aontais ó 2021 go 2027, agus is fiú €1.2 trilliún (i bpraghsanna 2025) é. Nuair a glacadh é in 2020, b’ionann é agus 1.13% d’ollioncam náisiúnta (OIN).

Cá mhéad atá á mholadh ag an gCoimisiún do bhuiséad nua an Aontais?

Tá buiséad fadtéarmach don tréimhse 2028-2034, ar fiú €1.76 trilliún (i bpraghsanna 2025) é, á mholadh ag an gCoimisiún do na 7 mbliana, arb ionann é agus 1.26% de OIN an Aontais. Tá €149.3 billiún (0.11% de OIN an Aontais) san áireamh ann chun an fiachas a tabhaíodh d’ionstraim théarnaimh NextGenerationEU, a bunaíodh chun dul i ngleic le tionchar phaindéim COVID-19, a aisíoc.

Athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar struchtúr an bhuiséid

Tá sé molta ag an gCoimisiún go ndéanfaí an buiséad a athstruchtúrú agus a shimpliú go mór, trí líon na gceannteideal buiséid a laghdú agus cláir éagsúla a chumasc.

Tá na tosaíochtaí caiteachais a moladh roinnte i gceithre cheannteideal.

Baineann Ceannteideal 1 le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, gnóthaí muirí, rathúnas agus slándáil. Is é seo an ceannteideal is mó, a dtagann thart ar 50% den bhuiséad foriomlán faoi.

Díríonn Ceannteideal 2 ar an iomaíochas, rathúnas agus slándáil. Tagann thart ar 30% den bhuiséad iomlán faoi seo.

Cuid lárnach den cheannteideal seo ná Ciste Eorpach nua um Iomaíochas, a bhainisteoidh infheistíocht i bhFís Eorpach (clár maoiniúcháin an Aontais don taighde agus don nuálaíocht) agus i gceithre réimse beartais tosaíochta: athléimneacht agus slándáil, an tionscal cosanta agus an spás; ceannaireacht dhigiteach; an t-aistriú glan agus dícharbónú tionsclaíoch; agus an tsláinte, an bhith-theicneolaíocht agus an bithgheilleagar.

Tagann Erasmus+ faoin gceannteideal seo freisin. Déanfar é a chomhcheangal leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

Tugtar An Eoraip Dhomhanda ar Cheannteideal 3. Tagann thart ar 10% den bhuiséad atá molta faoi agus tacaíonn sé le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, tríd an gCiste um an Eoraip Dhomhanda den chuid is mó.

Ceannteideal 4 tiomnaithe don riarachán agus tagann thart ar 6% den bhuiséad iomlán faoi. Cumhdaíonn sé tuarastail, pinsin agus foirgnimh sheirbhís shibhialta an Aontais agus na Scoileanna Eorpacha.

Cad iad na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí atá molta?

Faoi cheannteideal 1, beidh a phlean féin ag gach Ballstát, lena n-áireofar tacaíocht d’fheirmeoirí agus do réigiúin bheagfhorbartha agus lena gcumhdófar imirce agus slándáil teorann freisin. Leis na pleananna seo, comhthiomsófar acmhainní a roinneadh roimhe seo ar roinnt cláir éagsúla. Trí na hacmhainní sin a chomhthiomsú, tá súil ag an gCoimisiún solúbthacht agus sineirgí idir beartais a mhéadú. Cé go dtacaíonn sí le coincheap na solúbthachta, is mian leis an bParlaimint a chinntiú nach mbeidh trédhearcacht agus cuntasacht thíos leis an struchtúr buiséid nua sin.

Ioncam an Aontais

Chun ranníocaíochtaí na mBallstát a choinneáil gan athrú, tá foinsí nua ioncaim á moladh ag an gCoimisiún. Ina measc, tá: cáin ar dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach; dleacht ar thobac; an córas trádála astaíochtaí agus an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha; agus cáin chorparáide ar chuideachtaí móra.

Dearcadh na Parlaiminte ar thogra buiséid an Choimisiúin


D’fhormhuinigh an Pharlaimint a seasamh caibidlíochta do bhuiséad 2028-2034 i mí Aibreáin 2026. Tá miondealú san áireamh sa seasamh sin ar na méideanna is mian leis a leithdháileadh ar gach clár maoiniúcháin de chuid an Aontais.

Moladh malartach na Parlaiminte don bhuiséad iomlán

Measann na Feisirí go bhfuil easpa uaillmhéine léirithe ag an gCoimisiún, agus is cúis díomá é sin dóibh. Is mian leo go socrófaí an chéad bhuiséad eile ag 1.27% de OIN AE, agus go gcoinneofaí seirbhísiú fiachais do chiste téarnaimh NextGenerationEU (0.11% de OIN) lasmuigh d’imchlúdach an bhuiséid chun na cláir oibríochtúla a mhaoiniú, rud a rachadh chun tairbhe na saoránach.

Chiallódh sé sin méadú de thart ar 10% i gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún.

Deir na Feisirí gurb é sin an t-íosmhéid airgid is gá don Aontas chun a ghealltanais a bhaint amach, chun freagairt d’ionchais na saoránach, agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhóra, lena n-áirítear cogaíocht mhórscála a d’fhéadfadh tarlú san Eoraip, dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta, an bhearna iomaíochais, agus na géarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta atá ag dul in olcas.

Ba cheart an maoiniú méadaithe sin a dháileadh go cothrom ar na trí cheannteideal den bhuiséad lena maoinítear tosaíochtaí an Aontais (gan aon mhéadú ar mhaoiniú riaracháin), agus ba cheart é a úsáid chun a chinntiú go gcosnófar an buiséad ar shuaití boilscitheacha.

Dearcthaí na bhFeisirí i leith an struchtúir nua agus na bpleananna náisiúnta

Cé nach bhfuil go leor athruithe suntasacha déanta acu ar an struchtúr simplithe nua atá molta ag an gCoimisiún, tá na Feisirí go láidir i gcoinne athnáisiúnú bhuiséad an Aontais, agus tá rabhadh tugtha acu go bhféadfadh cur chuige ‘plean amháin in aghaidh an Bhallstáit’ an Choimisiúin an bonn a bhaint ó bheartais an Aontais, trédhearcacht a laghdú, agus iomaíocht a chruthú idir tairbhithe.

Ina ionad sin, tá leithdháiltí soiléire ó na Feisirí do na beartais éagsúla faoi na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí, don chomhbheartas talmhaíochta agus don comhbheartas iascaigh, agus do na réigiúin is forimeallaí, don bheartas comhtháthaithe, do Chiste Sóisialta na hEorpa agus do ghnóthaí baile.

Is mian leis na Feisirí freisin go mbeadh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla rannpháirteach go hiomlán i bpleanáil agus i gcur i bhfeidhm na gclár.

Seasamh na Parlaiminte i leith tionscnaimh iomaíochais a mhaoiniú

Is díol sásaimh do na Feisirí an moladh ón gCoimisiún go ndéanfaí dúbailt ar an maoiniú chun neart a chur le hiomaíochas, acmhainneacht chosanta, nuálaíocht, aistrithe digiteacha agus glasa, bonneagar, sláinte, oideachas agus cultúr an Aontais. Mar sin féin, tá tacaíocht mhéadaithe do chláir thábhachtacha á héileamh acu, amhail an Ciste Eorpach um Iomaíochas (CEI), Fís Eorpach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, Erasmus+, AgoraEU agus an sásra um chosaint shibhialta, agus maoiniú tiomnaithe do bhearta faoi CEI a bhaineann le EU4Health agus LIFE.

Deir na Feisirí nach leor an méadú atá beartaithe ar acmhainní don ghníomhaíocht sheachtrach, i bhfianaise mhéid na ndúshlán agus na mbagairtí seachtracha, agus tá maoiniú níos mó á éileamh acu don mhéadú, don fhorbairt, don Úcráin, don chomhar iltaobhach agus don chabhair dhaonnúil.

Trédhearcacht agus cuntasacht i mbaol

Tá na Feisirí ag éileamh nach ndéanfadh aon simpliú ar an mbuiséad an bonn a bhaint ó thrédhearcacht, cuntasacht ná maoirseacht dhaonlathach, ná ó iniúchadh cuí ar chaiteachas a chinntiú. Cé go n-aithníonn siad an gá atá le solúbthacht, tugann siad rabhadh go bhféadfadh solúbthacht gan trédhearcacht an bonn a bhaint ó mhuinín an phobail as an Aontas.

Ina theannta sin, cuireann na Feisirí béim ar an bhfíoras gur réamhchoinníoll chun rochtain a fháil ar chistí an Aontais í an urraim do luachanna an Aontais agus don smacht reachta, fad a sheachnaítear pionós a ghearradh ar fhaighteoirí deiridh as sáruithe ar an smacht reachta a dhéanann a rialtais.


Dearcthaí na Parlaiminte i leith cúrsaí ioncaim

Is díol sásaimh don Pharlaimint go bhfuil sé molta go dtabharfaí ‘acmhainní dílse’ nua isteach. Molann sí foinsí ioncaim malartacha féideartha eile freisin, a ndéanfar machnamh orthu má dhiúltaíonn na Ballstáit d’aon cheann de na moltaí. I measc na roghanna malartacha sin, tá tobhach ar sheirbhísí digiteacha, tobhach ar chearrbhachas ar líne, méadú ar an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, nó tobhach ar ghnóthachain chaipitiúla ó chriptea-shócmhainní.

Cad é an chéad chéim eile do bhuiséad 2028-2034 AE?


Tá an Pharlaimint réidh le tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an gComhairle ar an rialachán lena leagfar síos an struchtúr agus na príomhfhigiúirí do bhuiséad 2028-2034.


Beifear in ann tús a chur leis an bplé nuair a thiocfaidh an Chomhairle ar chomhaontú faoina comhsheasamh féin thar ceann rialtais na mBallstát, ach is gá toiliú na Parlaiminte chun go bhformheasfar an buiséad.