Comhoibriú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta 

Tá sochaí shibhialta bhríomhar agus ilchineálach ann san Eoraip, a bhfuil ionadaíocht aici ó eagraíochtaí a fheidhmíonn ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. Tá Parlaimint na hEorpa - an t-aon institiúid dírthofa de chuid an Aontais Eorpaigh - tiomnaithe chun idirphlé oscailte trédhearcach rialta a dhéanamh leis na heagraíochtaí sin, ag cinntiú go gcuirtear á nglórtha san áireamh sa phróiseas reachtach agus go réitíonn beartais an Aontais le riachtanais agus mianta saoránach.

Cothaíonn an Pharlaimint an t-idirphlé seo trí chomhairliúcháin agus fóraim atá rialta agus trédhearcach. Is é an cuspóir leis seo ná idirphlé struchtúrtha a dhaingniú lena gcinntítear malartú tuairimí leanúnach, agus ar an gcaoi sin rannpháirtíochta daonlathaí a neartú, saineolas a iompú ina cheapadh beartais, agus tacaíocht a thabhairt don Aontas agus é ag plé lena shaoránaigh.

Trína teagmháil leis an tsochaí shibhialta, cinntíonn an Pharlaimint go gcuirtear dearcthaí difriúla san áireamh i ndíospóireachtaí agus go múnlaíonn na dearcthaí sin an chinnteoireacht ar leibhéal na hEorpa.

Cúlra

Ó theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin in 2009, tá an daonlathas rannpháirtíochta ina phrionsabal bunreachtúil den Aontas Eorpach, agus é mar aidhm leis dlisteanacht dhaonlathach an Aontais a neartú. In Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), déantar ceapadh beartais atá ionchuimsitheach, trédhearcach agus atá bunaithe ar rannpháirtíocht a chur chun cinn. Sonraítear an mhéid seo a leanas ann:

1. Tabharfaidh na hinstitiúidí do shaoránaigh agus do chomhlachais ionadaíocha, trí bhealaí iomchuí, an deis a gcuid tuairimí a chur in iúl agus iad a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.
2. Coimeádfaidh na hinstitiúidí agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta ar siúl le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta.
3. D’fhonn comhchuibheas agus trédhearcacht ghníomhaíochtaí an Aontais a áirithiú, rachaidh an Coimisiún Eorpach i mbun comhairliúcháin leathana le páirtithe lena mbaineann.
4. Féadfaidh saoránaigh den Aontas, ar náisiúnaigh iad de líon suntasach de Bhallstáit agus nach lú a líon ná aon mhilliún amháin ar a laghad, an tionscnamh a ghlacadh iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, faoi chuimsiú a chumhachtaí, togra iomchuí a thíolacadh maidir le ceisteanna a bhfuil gá dar leis na saoránaigh le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme.
5. Déanfar na nósanna imeachta agus na coinníollacha is gá don tionscnamh sin ó na saoránaigh a leagan síos i gcomhréir leis an gcéad mhír d'Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

I mír 1, códaítear agus neartaítear priosabal an daonlathais rannpháirtigh, agus é á dhaingniú mar bhunluach de chuid an Aontais Eorpaigh.

I mír 2, cuirtear próiseas an ‘idirphlé shóisialta’ ar bhonn foirmiúil chun idirghabháil oscailte trédhearcach ionchuimsitheach a chur chun cinn idir an tsochaí shibhialta agus institiúidí an Aontais, rud a chuidíonn le beartais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

I mír 3, leagtar dualgas ar an gCoimisiún Eorpach a chinntiú go mbíonn ceapadh beartais trédhearcach agus fréamhaithe san eolas, lena n-áirítear an chaoi a reáchtáiltear comhairliúcháin phoiblí.

I mír 4, luaitear an modh idirphlé ‘Tionscnaimh Eorpach ó na saoránaigh’, áis lenar féidir le saoránaigh iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh i réimsí a bhfuil údarás ag an Aontas.

I gcomhréir le Riail 27(5) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, tá an dualgas maidir le cur i bhfeidhm an chomhairliúcháin struchtúrtha leis an tsochaí shibhialta.

Is iad na Leas-Uachtaráin atá freagrach as an gcaidreamh le heagraíochtaí shochaí shibhialta na hEorpa - lena n-áirítear an Tionscnaimh Eorpach ó na saoránaigh - ná Katarina Barley agus Nicolae Ștefănuţă.

Nicolae ȘTEFĂNUŢĂ agus Katarina BARLEY 

Teachtaireacht ó Leas-Uachtaráin Pharlaimint na hEorpa, Katarina Barley agus Nicolae Ștefănuţă

Tá traidisiún fadbhunaithe den idirphlé leis an tsochaí shibhialta ar leibhéal na hEorpa. Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, agus i gcomhréir le hAirteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá an t-idirphlé sin cumhdaithe mar oibleagáid bhunreachtúil. Tá fáth maith leis sin: trí mheáin an idirphlé oscailte fiúntach le sochaí shibhialta ionchuimsitheach na hEorpa, cinntítear go gcloistear agus go dtugtar aird do ghlórtha uile agus do thuairimí uile ar leibhéal na hEorpa. Ní mór nach mbeidh rochtain ar chinnteoirí an Aontais ina pribhléid ag leasanna eacnamaíocha dea-mhaoinithe. Tugann eagraíochtaí na sochaí sibhialta ardán d’ábhair imní shóisialta agus cuireann siad iad seo in iúl d’institiúidí an Aontais, agus ar an gcaoi sin cinntítear go ndéantar cinntí faoi threoir réaltachtaí agus riachtanais na saoránach ag céimeanna cur le chéile agus cur i bhfeidhm an cheaptha beartais.

Ag an am céanna, feidhmíonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar bhreathnóirí ar dhíospóireachtaí agus cinntí Eorpacha, trí phróisis chasta a léirmhíniú agus trí pháirt a thabhairt dá gcomhaltaí sa phlé. Ar an gcaoi sin, feidhmíonn siad mar éascaitheoirí agus tacaíonn siad leis an trédhearcacht i gceapadh beartais an Aontais. I súile mórán saoránach, is féidir leis na hinstitiúidí Eorpacha a bheith teibí agus deoranta. Dá bhrí sin, is ríthábhachtach an ról atá ag an sochaí shibhialta agus a heagraíochtaí chun an bhearna a dhúnadh agus saoránaigh a thabhairt isteach i gcinnteoireacht an Aontais - tásc bunriachtanach i bhfianaise an fháis atá ag teacht ar chlaontaí forlámhacha ar fud an domhain.

Is iomaí cineál idirphlé a dhéantar leis an tsochaí shibhialta, ar nós éisteachtaí poiblí, ceardlanna saineolaithe, comhairliúchán, agus comhráití rialta le heagraíochtaí ar gach leibhéal. Ina theannta sin, oibríonn an Pharlaimint go dlúth le scátheagraíochtaí Eorpacha atá ionadaíoch ar leasanna trasteorann, agus cinntítear leis sin go gcuirtear dearcthaí ó na Ballstáit uile san áireamh.

Ós muid Leas-Uachtaráin atá freagrach as an gcaidreamh le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta san Eoraip, geallaimid ár dtacaíocht don tsochaí shibhialta agus í ag cur le díospóireachtaí parlaiminte, ag forbhreathnú chur i bhfeidhm bheartais an Aontais agus ag tabhairt institiúidí chun cuntais.