Achainíocha agus ceisteanna ar Pharlaimint na hEorpa 

Féadfaidh aon saoránach nó aon chónaitheoir de chuid an Aontais achainí a chur faoi bhráid na Parlaiminte, nó go díreach, chuig an gCoiste um Achainíocha. Ní mór do na saincheisteanna a ardaítear san achainí teacht faoi réimsí gníomhaíochta an Aontais agus ní mór dóibh freisin difear díreach a dhéanamh don té a dhéanann an achainí.


Is féidir le saoránaigh teagmháil a dhéanamh leis an bParlaimint trí AskEP chun faisnéis a fháil faoin institiúid, a seasaimh agus a gníomhaíochtaí, a heagraíocht agus a rialacha, a cumhachtaí agus a nósanna imeachta.


Tá fáilte roimh iriseoirí teagmháil a dhéanamh le seirbhísí preasa na Parlaiminte.