Cad iad na cumhachtaí atá ag Parlaimint na hEorpa? 

Is fóram tábhachtach í Parlaimint na hEorpa, a thoghann saoránaigh an Aontais go díreach gach cúig bliana, don díospóireacht pholaitiúil agus don chinnteoireacht ar leibhéal an Aontais. Deanann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa na nithe seo a leanas:

  • reachtaíocht an Aontais a leasú agus a ghlacadh, in éineacht le hionadaithe rialtais an Aontais sa Chomhairle
  • buiséad an Aontais a chinneadh, in éineacht leis an gComhairle freisin
  • Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh agus an Coimisiún ina iomláine a fhormheas
  • grinnscrúdú a dhéanamh ar obair institiúidí eile an Aontais, agus ar an gcaoi a n-úsáideann siad buiséad an Aontais
  • agus teagmháil a dhéanamh le tíortha nach bhfuil san Aontas trí thaidhleoireacht pharlaiminteach.



Cumhachtaí reachtacha


Téann formhór mór dhlí an Aontais tríd an ngnáthnós imeachta reachtach (ar minic a thugtar ‘comhchinnteoireacht’ air, mar a thugtaí air roimhe seo). Is é gnáthphróiseas cinnteoireachta reachtach an Aontais é, a thugann an tábhacht chéanna do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh (a dhéanann ionadaíocht ar Bhallstáit an Aontais). Tá feidhm aige maidir le raon leathan réimsí amhail imirce, fuinneamh, iompar, athrú aeráide, an comhshaol, cosaint tomhaltóirí agus rialachas eacnamaíoch.


Nós imeachta cinnteoireachta eile is ea ‘toiliú’. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gá le toiliú nó formheas na Parlaiminte agus tá feidhm aige maidir le saincheisteanna amhail aontachas Bhallstát AE nua agus comhaontuithe trádála idirnáisiúnta AE. Déantar an Coimisiún Eorpach a thoghadh faoi nós imeachta an toilithe.


Tá ‘comhairliúchán’ in úsáid i réimsí beartais amhail an cánachas, dlí na hiomaíochta agus an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála. Cuireann sé ar chumas na Parlaiminte togra reachtach a fhormheas nó diúltú dó, chomh maith le leasuithe air a mholadh. Cé nach mbíonn seasamh na Parlaiminte ina cheangal ar an gComhairle, ní mór don Chomhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint agus fanacht go bhfaighidh sí seasamh uaithi sula ndéanfaidh sí cinneadh. Mura ndéanfaí amhlaidh, bheadh gníomh neamhdhleathach ann agus d’fhéadfaí an Chúirt Bhreithiúnais é a chur ar neamhní. Ina theannta sin, nuair a dhéanann an Chomhairle athrú mór ar thogra, ní mór di dul i gcomhairle leis an bParlaimint arís.

Céard faoi thionscnamh reachtach? Cé a thionscnaíonn dlí AE?


Cé gur ar an gCoimisiún atá an fhreagracht dlíthe nua AE a chur síos, is féidir leis an bParlaimint dlí a thionscnamh trí iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach nua a thíolacadh. Agus leas á bhaint acu as ‘tionscnamh reachtach’, féadfaidh FPEnna spriocdháta a shocrú do thíolacadh an togra. Má dhiúltaíonn an Coimisiún dó, ní mór dó a mhíniú cén fáth.

Gníomhartha tarmligthe/cur chun feidhme


Agus dlí nua á ghlacadh, is féidir leis an bParlaimint agus leis an gComhairle a iarraidh ar an gCoimisiún mionbhreisithe nó mionathruithe amhail iarscríbhinní teicniúla nó nuashonruithe a dhéanamh trí ghníomhartha tarmligthe (a fhorlíonann nó a leasaíonn codanna den dlí) nó trí ghníomhartha cur chun feidhme (lena dtugtar mionsonraí maidir le conas an dlí a chur chun feidhme). Ar an gcaoi sin, is féidir an reachtaíocht a choinneáil simplí agus cothrom le dáta i gcónaí gan gá le dul i mbun caibidlíochta arís.


Ag brath ar an gcineál gnímh a ghlacann an Coimisiún, bíonn roghanna éagsúla ar fáil do na FPEnna mura n-aontaíonn siad leis na bearta a cuireadh chun cinn. Tá ceart crosta ag FPEnna maidir le gníomhartha tarmligthe.


I gcás gníomhartha tarmligthe, féadfaidh FPEnna a iarraidh ar an gCoimisiún iad a leasú nó a tharraingt siar, ach níl aon oibleagáid ó thaobh dlí de ar an gCoimisiún déanamh amhlaidh.


Tuilleadh eolais faoi...