- (Téigh go dtí an leathanach) Cad is Parlaimint na hEorpa ann?
- (Téigh go dtí an leathanach) Cad iad na cumhachtaí atá ag Parlaimint na hEorpa?
- (Téigh go dtí an leathanach) Cad a tharlaíonn do dhlíthe nach ritear faoi dheireadh an reachtais?
- (Téigh go dtí an leathanach) Conas a mhúnlaíonn Parlaimint na hEorpa buiséad an Aontais?
- (Téigh go dtí an leathanach) Conas a dhéantar Uachtarán an Choimisiúin agus na Coimisinéirí a cheapadh?
Seiceáil na fíricí faoi Pharlaimint na hEorpa
Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoi Pharlaimint na hEorpa? An bhfuil tú ag iarraidh rud éigin a chonaic tú ar líne a fhíorú? Tá eolas sa roinn seo faoin gcaoi a n-oibríonn an Pharlaimint, faoi na toghcháin Eorpacha, faoi obair laethúil na bhFeisirí, mar aon le rochtain dhíreach ar na foinsí faisnéise a d’fhéadfadh a bheith de dhíth ort.
Nár tháinig tú ar an rud a bhí uait?
Iriseoirí:
Féach Pacáiste Preasa Pharlaimint na hEorpa ina dtugtar forléargas ar chomhdhéanamh agus ar chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa, ar na tosaíochtaí polaitiúla, an obair atá idir lámha aici, ábhar cúlra, grafaicí, sonraí maidir le tuairimí an phobail, chomh maith le sonraí teagmhálacha úsáideacha.
Má tá ceisteanna agat faoi réimse beartais ar leith nó faoi imeachtaí coiste, déan teagmháil leis an tSeirbhís Preasa.
Má tá ceisteanna eile agat, déan teagmháil le hAonad an Urlabhraí
Chun teagmháil a dhéanamh le preasoifigigh sna Ballstáit (i do theanga féin), seiceáil anseo.
An pobal i gcoitinne:
Iarrtar ar an bpobal i gcoitinne a gcuid ceisteanna a sheoladh trí Ask EP.
Fágann an teicneolaíocht dhigiteach go bhfuil sé ag éirí níos éasca ábhar a bhaint as comhthéacs nó íomhánna agus físeáin a chruthú agus a ionramháil. D’fhéadfadh idir mhífhaisnéis (ábhar bréagach gan drochrún) agus bhréagaisnéis (rún mealltach) a bheith míthreorach. Tá sé mar aidhm ag Parlaimint na hEorpa eolas ábhartha agus intuigthe a chur ar fáil agus do chách.