Ioncam an Aontais
Maoinítear buiséad AE, den chuid is mó, le hacmhainní dílse, agus forlíontar le hioncam eile é. Ní mór an t-ioncam bliantúil an caiteachas bliantúil a chumhdach go hiomlán, toisc nach gceadaítear easnamh buiséid. Cinneann an Chomhairle an córas acmhainní dílse d’aontoil, ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa, agus is gá do gach Ballstát é a dhaingniú. Mhol an Coimisiún athchóiriú ar an gcóras acmhainní dílse in éineacht leis an togra le haghaidh chreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034.
An bunús dlí
- Airteagal 311 agus Airteagal 322(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 106a agus Airteagal 171 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach;
- Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh;
- Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2021/768 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh.
- Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta, bunaithe ar CBL agus bunaithe ar OIN, a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh, a leasaíodh níos déanaí le leRialachán (AE, Euratom) 2022/615 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022;
- Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) 2021/769 an 30 Aibreán 2021 maidir leis na comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú;
- Rialachán (AE, Euratom) 2021/770 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 maidir le ríomh na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi, maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun an acmhainn dhílis sin a chur ar fáil, maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhall, agus maidir le gnéithe áirithe den acmhainn dhílis bunaithe ar ollioncam náisiúnta.
Cuspóir
Neamhspleáchas airgeadais a chur ar fáil don Aontas Eorpach laistigh de theorainneacha an smachta bhuiséadaigh.
An chaoi a n-oibríonn sé
D’fhág Cinneadh an 21 Aibreán 1970 maidir le hAcmhainní Dílse acmhainní dílse a bheith ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE). I gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020, tá leibhéal na n-acmhainní dílse is féidir a iarraidh in aghaidh na bliana teoranta d’uasmhéid 1.4% d’ollioncam náisiúnta (OIN) AE faoi láthair. Ós rud é nach féidir an caiteachas foriomlán a bheith níos mó ná an t-ioncam iomlán, sriantar an caiteachas leis an uasteorainn sin freisin faoi chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 reatha (1.4.3).
Comhdhéanamh ioncaim
1. Acmhainní dílse
Is é atá in acmhainní dílse ‘traidisiúnta’ (ADT) go príomha dleachtanna custam ar allmhairí, agus atá á mbailiú ó 1970 i leith. Is é 25% an céatadán is féidir leis na Ballstáit a choimeád chun costais bailithe a chlúdach. Is iondúil go mbíonn acmhainní dílse ‘traidisiúnta’ cothrom le thart ar 10-15 % den ioncam acmhainní dílse[1].
Faoi láthair, is é atá san acmhainn dhílis CBL-bhunaithe céatadán den cháin bhreisluacha (CBL) mheasta arna bailiú ag na Ballstáit a aistriú chuig an Aontas. Cé go ndearnadh foráil di i gcinneadh 1970, níor cuireadh an acmhainn sin i bhfeidhm go dtí gur comhchuibhíodh córais CBL na mBallstát in 1979. Is ionann an acmhainn CBL anois agus thart ar 10% den ioncam acmhainní dílse.
Tugadh an acmhainn dhílis ‘phlaisteach’ isteach amhail ón 1 Eanáir 2021 le Cinneadh 2020 maidir le hAcmhainní Dílse. Is rannchuidiú náisiúnta í (aistriú díreach ó bhuiséid na mBallstát) atá bunaithe ar an gcainníocht dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, agus gabhann glaoráta aonfhoirmeach EUR 0.80 in aghaidh an chileagraim léi. Déantar ranníocaíochtaí na mBallstát ag a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita atá faoi bhun mheán AE a laghdú de chnapshuim bhliantúil arb ionann í agus 3.8 cileagram den dramhaíl phlaisteach per capita. Is ionann an t-ioncam ón acmhainn sin agus thart ar 3-4 % d’ioncam acmhainní dílse.
Is é atá san acmhainn dhílis OIN-bhunaithe tobhach de chéatadán aonfhoirmeach ar OIN na mBallstát a leagtar amach i nós imeachta buiséadach gach bliana, agus cruthaíodh le Cinneadh 88/376/CEE ón gComhairle, Euratom an 24 Meitheamh 1988 í. Ar dtús, ní raibh sí le bailiú ach amháin murar chumhdaigh na hacmhainní dílse eile an caiteachas go hiomlán, ach anois tá formhór de bhuiséad AE á mhaoiniú aici. Tá an acmhainn OIN-bhunaithe méadaithe faoi thrí ó dheireadh na 1990í, agus anois, is ionann í agus tuairim is 60-70 % d’ioncam acmhainní dílse.
2. Ioncam eile agus an t-iarmhéid arna thabhairt anonn ón mbliain roimhe sin
Áirítear le hioncam eile cánacha a íocann foireann AE ar a dtuarastail, ranníocaíochtaí ó thíortha nach bhfuil in AE le cláir AE, íocaíochtaí úis agus fíneálacha arna n-íoc ag cuideachtaí a suíodh gur sháraigh siad dlíthe AE. Má bhíonn barrachas i gceist, déantar an t-iarmhéid ó gach bliain airgeadais a iontráil sa bhuiséad don bhliain ina dhiaidh sin mar ioncam. Go hiondúil, is ionann ioncam eile, iarmhéideanna agus coigeartuithe teicniúla agus thart ar 2-8 % den ioncam iomlán.
Tugtar cuntas freisin ar fháil iasachtaí faoi ‘ioncam eile’, agus is ionann é agus 25-30 % den bhuiséad. Ní féidir le buiséad an Aontais easnamh a rith, agus ní cheadaítear a chaiteachas a chistiú trí iasachtaí a fháil. Chun na deontais agus na hiasachtaí arna soláthar ag scéim Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a mhaoiniú, áfach, údaraíodh don Choimisiún, ar bhonn eisceachtúil agus sealadach, suas le EUR 750 billiún (i bpraghsanna 2018) a fháil ar iasacht ar mhargaí caipitil. Ba cheart go dtiocfadh deireadh le glaniasachtaíocht nua ag deireadh 2026, agus ina dhiaidh sin ní cheadófar ach oibríochtaí athmhaoinithe.
3. Sásraí ceartúcháin
Úsáidtear córas na n-acmhainní dílse freisin chun míchothromaíochtaí buiséadacha idir glan-ranníocaíochtaí na mBallstát a cheartú. Cé nach bhfuil feidhm ag lacáiste na Ríochta Aontaithe a thuilleadh, ar lacáiste é a tugadh isteach in 1984, leanann ceartúcháin chnapshuime de na ranníocaíochtaí a rinne an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ísiltír, an Ostair agus an tSualainn le linn na tréimhse 2021-2027 a laghdú.
I dtreo athchóiriú acmhainní dílse AE
I gConradh Liospóin, athdhearbhaíodh gur cheart an buiséad a mhaoiniú go hiomlán ó acmhainní dílse, agus caomhnaíodh ann cumhacht na Comhairle, tar éis di dul i gcomhairle leis an bParlaimint, cinneadh a ghlacadh d’aontoil maidir le córas acmhainní dílse an Aontais[2], catagóirí nua acmhainní dílse a bhunú agus deireadh a chur le catagóirí acmhainní dílse atá ann cheana. Ina theannta sin, suíodh ann nach féidir leis an gComhairle na bearta cur chun feidhme a ghlacadh i leith na gcinntí sin ach le toiliú ón bParlaimint, rud a neartaíonn seasamh na Parlaiminte sa phróiseas.
Ar bhonn fhorálacha nua Chonradh Liospóin, tá iarrtha arís is arís eile ag an bParlaimint go ndéanfaí athchóiriú domhain ar an gcóras acmhainní dílse i roinnt seasamh agus rún le blianta beaga anuas[3]. D’fhonn go mbeadh buiséad AE ina bhuiséad níos cobhsaí a bheadh ceaptha chun tacú le cuspóirí beartais AE, chuir an Pharlaimint in iúl gur gá go mbeadh ciseán uaillmhianach agus cothromaithe d’acmhainní dílse nua AE ann a bheadh cothrom, simplí, trédhearcach agus neodrach ó thaobh buiséid de do na saoránaigh. D’áitigh an Pharlaimint freisin go ndéanfaí athchóirithe chun bailiú ioncaim a dhéanamh níos simplí, níos trédhearcaí agus níos daonlathaí, chun sciar na ranníocaíochtaí OIN a laghdú agus chun deireadh a chur de réir a chéile le gach cineál lacáiste.
I mí Eanáir 2017, chuir an grúpa ardleibhéil ‘Monti’ a thuarascáil deiridh i láthair maidir le bealaí níos trédhearcaí, níos simplí, níos cothroime agus níos cuntasaí go daonlathach chun buiséad an Aontais Eorpaigh a mhaoiniú. Tháinig sí ar an gconclúid gur ghá buiséad AE a athchóiriú, ó thaobh ioncaim agus caiteachais araon, chun bheith in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin reatha agus chun torthaí inbhraite a bhaint amach do shaoránaigh AE.
Bunaithe ar an tuarascáil sin agus ar an bpáipéar machnaimh dá éis sin ar thodhchaí airgeadas AE, rinne an Coimisiún moladh an 2 Bealtaine 2018 chun ciseán d’acmhainní dílse nua a thabhairt isteach[4], rud nár glacadh.
Iarrachtaí a rinneadh le déanaí chun ioncam an Aontais a athchóiriú
Ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach a tionóladh an 17-21 Iúil 2020, tháinig na Ceannairí Stáit nó Rialtais ar chomhaontú maidir le CAI 2021-27, ionstraim Next Generation EU (NGEU), lenar ardaíodh uasteorainn na n-íocaíochtaí agus an acmhainn dhílis nua bunaithe ar dhramhaíl phlaisteach neamh-athchúrsáilte a bheadh le cur i bhfeidhm ó mhí Eanáir 2021.
Bhí NGEU bunaithe ar thogra an 28 Bealtaine 2020 ón gCoimisiún, chun suas le EUR 750 billiún a fháil ar iasacht trí bhannaí a eisiúint ar na margaí idirnáisiúnta thar ceann AE lena ngabhfadh aibíochtaí idir 3 bliana agus 30 bliain, chun éifeachtaí phaindéim COVID-19 a chomhrac. Chun taca a chur faoi na dliteanais arna dtabhú ag AE chun an maoiniú margaidh arna thiomsú a aisíoc ar deireadh, mhol an Coimisiún go méadófaí uasteorainn na n-acmhainní go heisceachtúil agus go sealadach de 0.6 % de OIN AE anuas ar an méadú buan atá molta ó 1.2 % go 1.4 % de OIN chun an comhthéacs eacnamaíoch nua a chur san áireamh.
Mar fhreagairt, i rún uaithi an 23 Iúil 2020, chuir an Pharlaimint i bhfáth gur le cruthú acmhainní dílse nua breise, agus leis sin amháin, is féidir cabhrú le fiachas AE, a d’eascair as an iasachtaíocht a bhaineann le NGEU, a aisíoc, agus fós buiséad AE a tharrtháil agus an brú fioscach ar státchistí náisiúnta agus ar shaoránaigh AE a mhaolú. Iarradh an athuair i seasamh ón bParlaimint an 16 Meán Fómhair 2020, faoin nós imeachta comhairliúcháin go dtabharfaí isteach acmhainní dílse nua de réir treochláir.
An 10 Samhain 2020, tháinig idirbheartaithe de chuid na Parlaiminte, na Comhairle agus an Choimisiúin ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an CAI, maidir le hacmhainní dílse agus maidir le gnéithe áirithe i dtaca le rialú na hionstraime téarnaimh. Mar thoradh, in Iarscríbhinn nua a ghabhann leis an gComhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais, bunaíodh treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach le linn na tréimhse 2021-2027 chun aisíocaíocht fhiachas NGEU a chumhdach.
Glacadh an Cinneadh nua maidir le hAcmhainní Dílse an 14 Nollaig 2020 agus dhaingnigh na Ballstáit uile é ansin faoin 31 Bealtaine 2021, agus tá feidhm chúlghabhálach aige ón 1 Eanáir 2021.
Ina dhiaidh sin, foilsíodh dhá thogra ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2021 agus an 20 Meitheamh 2023[5]. Cuimsíodh leo sin acmhainní dílse bunaithe ar ioncam ó lamháltais Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA) a cuireadh ar ceant, ioncam arna ghiniúint ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT), agus acmhainn dhílis staidrimh shealadach ar bhrabúis chuideachta (a bhfuil fíoracmhainn dhílis bunaithe ar chánachas corparáideach le cur ina hionad).
In éagmais fhormheas na Comhairle ar an gciseán, d’fhoilsigh an Coimisiún togra nua maidir le córas acmhainní dílse an Aontais an 16 Iúil 2025. Áirítear leis sin na hacmhainní dílse nua a moladh roimhe seo de 75 % d’ioncam SCCT agus 30 % d’ioncam CTA1 (gan CTA2 a chur san áireamh). Bunaítear leis acmhainní dílse nua bunaithe ar dhramhthrealamh leictreonach neamhbhailithe (EUR 2 in aghaidh an kg), dleachtanna máil ar thobac agus ar tháirgí gaolmhara (15 % ar an dleacht mháil íosta), agus ranníocaíocht chnapshuime bhliantúil ó chuideachtaí móra atá ag feidhmiú san Aontas (suas le 0.1 % dá nglanláimhdeachas). Áirítear sa togra freisin coigeartuithe ar na hacmhainní dílse atá ann cheana, amhail laghdú ar na costais bhailiúcháin le haghaidh acmhainní dílse traidisiúnta (ó 25 % go 10 %), agus leasuithe ar an acmhainn dhílis phlaisteach (ráta méadaithe go EUR 1 in aghaidh an kg le coigeartú breise ar bhoilsciú). Soiléirítear ann freisin gur le ADT táillí ó ríomhthráchtáil, agus cuirtear deireadh le díolúintí le haghaidh beartáin ar luach íseal. Ar deireadh, moltar ann deireadh a chur leis na coigeartuithe uile, lena n-áirítear lacáistí ollioncaim náisiúnta cnapshuime, uasteorannú an bhoinn CBL, agus laghduithe don acmhainn dhílis phlaisteach.
Meastar go nginfidh an pacáiste atá beartaithe 40 % den bhuiséad bliantúil reatha: thiocfadh thart ar 6 % ó CTA, 1 % ó SCCT, 10 % ón dramhthrealamh leictreonach, 7.5 % ón tobac, 4.5 % ón acmhainn dhílis chorparáideach agus 10 % breise ó choigeartuithe ar acmhainní dílse atá ann cheana.
Tuairimí Pharlaimint na hEorpa maidir leis na tograí um athchóiriú
Le linn an nós imeachta comhairliúcháin ar chiseán 2021 d’acmhainní dílse nua, thacaigh an Pharlaimint go ginearálta leis an togra, le roinnt leasuithe. Ghlac an Pharlaimint chomh maith rún an 10 Bealtaine 2023 ina ndéantar tathant ar an gComhairle an ciseán a ghlacadh agus ina moltar acmhainní dílse nua breise. Níos déanaí, i rún uaithi an 9 Samhain 2023, d’fhormheas an Pharlaimint an togra le haghaidh an dara pacáiste le roinnt leasuithe.
Le déanaí, i rún uaithi an 7 Bealtaine 2025, iarrann an Pharlaimint arís ‘ar an gComhairle acmhainní dílse nua a ghlacadh mar ábhar práinne’ agus ‘cuireann sí i bhfios go láidir go bhfuil fíoracmhainní dílse nua, lasmuigh den Chomhaontú Idirinstitiúideach, bunriachtanach’.
Andras Schwarcz