Geilleagar, claochlú agus tionscal

Geilleagar, claochlú agus tionscal

Is é an margadh aonair an t-éacht is mó a bhain an tAontas amach. Agus deireadh curtha leis na bacainní custaim, is féidir le daoine, earraí, seirbhísí agus caipiteal gluaiseacht gan bhac ar fud an Aontais. Chun go mbeidh an margadh aonair ann, tá na céadta dlíthe glactha ag reachtóirí AEchun fáil réidh le bacainní teicniúla, rialála agus dlí laistigh den Aontas. I dteannta an mhargaidh aonair, tá réimse beartas forbartha ag an Aontas a mhúnlaíonn saol laethúil a chuid saoránach agus an chaoi a bhfeidhmíonn gnólachtaí. Áirítear orthu sin beartais maidir le cosaint tomhaltóirí, cánachas, gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta, fuinneamh, tionscal, taighde, cosaint an chomhshaoil, an t-athrú aeráide, agus sláinte phoiblí, lena n-áirítear sábháilteacht bia agus galair a chosc. Comhordaíonn tíortha an Aontais a mbeartais eacnamaíocha agus cánach tríd an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, agus é mar aidhm aige cobhsaíocht, fás agus airgeadas poiblí freagrach a choinneáil ar bun.