Féilire na Parlaiminte 

Glactar féilire bliantúil na Parlaiminte gach bliain sa suí iomlánach bunaithe ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán.


Roinntear an féilire ina shuíonna iomlánacha (páirtseisiúin) agus ina chruinnithe eile. Is éard atá ann:

  • 12 pháirtseisiún ceithre lá in Strasbourg agus páirtseisiúin bhreise níos giorra sa Bhruiséil,
  • dhá sheachtain sa mhí le haghaidh cruinnithe de choistí parlaiminteacha agus de thoscaireachtaí idirpharlaiminteacha,
  • seachtain amháin sa mhí le haghaidh chruinnithe na ngrúpaí polaitiúla,
  • agus ceithre seachtaine sa bhliain ina ndíríonn FPEnna ar obair thoghlaigh agus ar ghníomhaíochtaí seachtracha eile, i.e. cuairteanna coiste agus toscaireachta i mBallstáit AE agus ar fud an domhain.