Cad is Parlaimint na hEorpa ann? 

Is í Parlaimint na hEorpa (PE) parlaimint an Aontais Eorpaigh, agus tá sí ar cheann de sheacht n-institiúid AE . Mar thionól reachtach an Aontais a thoghtar go díreach, tugann sí guth do 450 milliún Eorpach. Reáchtálann tíortha AE toghcháin gach cúig bliana chun Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) a thoghadh.


Déanann na FPEnna reachtaíocht an Aontais a leasú agus a fhormheas i gcomhpháirt le Comhairle an Aontais Eorpaigh (a dhéanann ionadaíocht ar rialtais an Aontais). Ní mór don Pharlaimint agus don Chomhairle cinneadh a dhéanamh freisin maidir le buiséad an Aontais. Déanann Parlaimint na hEorpa institiúidí eile an Aontais Eorpaigh, amhail an Coimisiún Eorpach, a thabhairt chun cuntais.


Toghann na FPEnna Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh freisin agus bíonn ról lárnach acu maidir leis na Coimisinéirí ainmnithe a ghrinnfhiosrú trí éisteachtaí aonair. Ansin cinneann siad cé acu Coláiste na gCoimisinéirí a cheadú nó gan é a cheadú trí vóta toilithe (is é Coláiste na gCoimisinéirí an téarma a thagraíonn do na 27 gcoimisinéir i dteannta a chéile).


Fíricí agus figiúirí faoi Pharlaimint na hEorpa


Chun trédhearcacht a áirithiú, bailíonn Parlaimint na hEorpa tacar cuimsitheach staidrimh chun treochtaí a rianú le himeacht ama. Taispeántar iontu sonraí reatha agus stairiúla maidir le páirtithe náisiúnta agus grúpaí polaitiúla sa Pharlaimint, amhail líon na bhFeisirí, líon na mBallstát, líon na ngrúpaí polaitiúla agus na bpáirtithe polaitiúla, agus líon na dtoscaireachtaí náisiúnta. Tá grafaicí idirghníomhacha iontu freisin ina tugtar sonraí faoi chomhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa ar dháta ar leith.