Cad is Idirghrúpaí ann agus conas a bhunaítear iad? 

Is é is idirghrúpaí ann ná grúpálacha neamhoifigiúla d’Fheisirí ar spéis leo ábhar ar leith nach i gcónaí a thagann sé faoi raon feidhme ghnáthobair Pharlaimint na hEorpa ach a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar spéise don tsochaí i gcoitinne. Déanann idirghrúpaí plé neamhfhoirmiúil a reáchtáil agus malartuithe idir Feisirí agus an tsochaí shibhialta a chur chun cinn.


Ós rud é nach comhlachtaí oifigiúla de chuid na Parlaiminte iad idirghrúpaí, ní féidir leo tuairimí a chur in iúl thar ceann na Parlaiminte. Ní fhéadfaidh siad gabháil d’aon ghníomhaíochtaí a bhféadfaí a cheapadh gur gníomhaíochtaí oifigiúla de chuid na Parlaiminte iad nuair nach ea.


Tá coinníollacha leagtha síos ag Biúró na Parlaiminte maidir le hidirghrúpaí a bhunú, a bhunaítear ag tús gach téarma pharlaimintigh (e.g. ní mór do thrí ghrúpa pholaitiúla ar a laghad iarratas a shíniú chun idirghrúpa a bhunú, agus tá gá le dearbhú bliantúil maidir le leasanna airgeadais a dhéanamh). Féadfaidh grúpaí polaitiúla tacaíocht lóistíochta a sholáthar d’idirghrúpaí má chomhlíonann siad na coinníollacha sin.


Ní mór do chathaoirligh idirghrúpaí aon tacaíocht a fhaigheann siad in airgead tirim nó i gcomhchineál a dhearbhú. Ní mór na dearbhuithe sin a thabhairt cothrom le dáta gach bliain agus ní mór iad a chur ar fáil go poiblí.