Foireann na FPEnna 


Tá sé de shaoirse ag na FPEnna baill foirne a roghnú a íoctar as leithdháileadh buiséadach míosúil a leagan Parlaimint na hEorpa síos.


Tá na FPEnna uile i dteideal an méid céanna a fháil agus ní fhaigheann siad na cistí iad féin. Ní fhéadfaidh siad garghaolta agus cúntóirí a fhostú i ngníomhaíochtaí a d’fhéadfadh coinbhleacht leasa a chruthú.


Foilsíonn an Pharlaimint ainmneacha na CPCanna uile (cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe), na gcúntóirí áitiúla agus na ngníomhairí íocaíochta uile ar a suíomh gréasáin a fhad a bhíonn siad faoi chonradh, ach amháin má fhaigheann siad maolú ar fhorais chuí-réasúnaithe chun a sábháilteacht a chosaint.


Tuilleadh eolais