An creat airgeadais ilbhliantúil

Is é an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) plean caiteachais fadtéarmach an Aontais. Bhí sé cinn de na CAInna ann go nuige seo, lena n-áirítear CAI 2021-2027. Thiontaigh Conradh Liospóin an CAI ó chomhaontú idirinstitiúideach go rialachán. Is ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad a dhéantar CAI a bhunú, agus tá sé ann lena áirithiú go dtiocfaidh forbairt ar chaiteachas an Aontais ar dhóigh ordúil agus laistigh de theorainneacha a acmhainní dílse. Leagtar amach ann forálacha is gá do bhuiséad bliantúil an Aontais a chomhlíonadh. Socraíonn Rialachán CAI uasteorainneacha caiteachais do chatagóirí leathana caiteachais darb ainm ceannteidil. Tar éis na dtograí tosaigh uaidh, an 2 Bealtaine 2018, agus i ndiaidh ráig COVID-19, mhol an Coimisiún, an 27 Bealtaine 2020, plean téarnaimh (NextGenerationEU) inar áiríodh tograí athbhreithnithe le haghaidh CAI 2021-2027 agus acmhainní dílse, agus bunú ionstraime téarnaimh is fiú EUR 750 billiún (praghasanna 2018). Glacadh an pacáiste an 16 Nollaig 2020 tar éis caibidlíochtaí idirinstitiúideacha. I bhfianaise forbairtí nua, rinneadh athbhreithniú ar CAI i mí na Nollag 2022 agus ansin ar bhealach níos substaintiúla arís i mí Feabhra 2024. An 16 Iúil 2025, thíolaic an Coimisiún a thograí le haghaidh CAI 2028-2034.

An bunús dlí

An cúlra

Sna 1980idí, bhí aighneas idir na hinstitiúidí de bharr nach raibh dóthain acmhainní ar fáil do na riachtanais bhuiséadacha a bhí ann. Forbraíodh coincheap de pheirspictíocht airgeadais ilbhliantúil mar iarracht ar an aighneas a laghdú, feabhas a chur ar an smacht buiséadach agus cur chun feidhme a fheabhsú trí phleanáil níos fearr. Cuireadh an chéad chomhaontú idirinstitiúideach (IIA) chuige sin i gcrích in 1988. Bhí an pheirspictíocht airgeadais i gcomhair 1988-1992 ann (ar a dtugtar pacáiste Delors I freisin), a raibh sé mar sprioc aici na hacmhainní a sholáthar a bhí riachtanach le haghaidh chur chun feidhme buiséadach na hIonstraime Eorpaí Aonair. Comhaontaíodh IIA nua an 29 Deireadh Fómhair 1993, mar aon leis an bpeirspictíocht airgeadais i gcomhair 1993-1999 (pacáiste Delors II), lenar cumasaíodh na Cistí Struchtúracha a dhúbailt agus uasteorainn na n-acmhainní dílse (1.4.1) a mhéadú. Síníodh an tríú IIA maidir leis an bpeirspictíocht airgeadais i gcomhair 2000-2006, ar a dtugtar Clár Oibre 2000 freisin, an 6 Bealtaine 1999, agus ceann de na spriocanna is mó a bhain leis ná na hacmhainní a bhí riachtanach a áirithiú chun méadú a mhaoiniú. Comhaontaíodh an ceathrú IIA, a ceapadh don tréimhse 2007-2013, an 17 Bealtaine 2006.

Le Conradh Liospóin, rinneadh an CAI a thiontú ó chomhaontú idirinstitiúideach go rialachán ón gComhairle atá le glacadh d’aon toil, faoi réir toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, faoi nós imeachta reachtach speisialta. I dteannta ‘méideanna na n-uasteorainneacha bliantúla ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de réir catagóir caiteachais agus méideanna na n-uasteorainneacha bliantúla ar leithreasuithe íocaíochta’ a shocrú, luaitear in Airteagal 312 CFAE freisin nach mór don CAI ‘aon fhorálacha eile is gá a leagan síos chun go n-oibreoidh an nós imeachta buiséadach bliantúil go réidh’.

Ba é an cúigiú CAI, a chumhdaíonn an tréimhse 2014-2020, an chéad cheann faoina ndearnadh laghdú iarbhír ar na méideanna foriomlána. Dá bhrí sin, ceann de na réamhchoinníollacha a bhí ag an bParlaimint chun glacadh leis ab ea athbhreithniú meántéarmach éigeantach lena bhféadfaí athmheasúnú a dhéanamh ar riachtanais bhuiséadacha le linn thréimhse CAI agus iad a choigeartú más gá. Baineadh amach leis an gcomhaontú freisin, inter alia, solúbthacht fheabhsaithe chun gur féidir lánúsáid a bhaint as na méideanna atá beartaithe, agus tuiscint ar an mbealach i dtreo fíorchóras acmhainní dílse don Aontas. Glacadh CAI athbhreithnithe do 2014-2020 an 20 Meitheamh 2017, agus tacaíocht bhreise ag gabháil leis do bhearta a bhaineann leis an imirce, le poist agus leis an bhfás. Treisíodh an Ionstraim Sholúbthachta agus an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála freisin, rud a d’fhág go bhféadfaí tuilleadh cistí a aistriú idir ceannteidil bhuiséid agus blianta, chun go mbeifí in ann freagairt ar imeachtaí gan choinne agus ar thosaíochtaí nua.

An creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027

An 2 Bealtaine 2018, thíolaic an Coimisiún tograí reachtacha le haghaidh CAI do 2021 go 2027. B’ionann an togra ón gCoimisiún agus EUR 1 134.6 billiún (praghsanna 2018) mar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, arbh ionann é agus 1.11% d’ollioncam náisiúnta (OIN) AE-27. Bhí méaduithe ar bhainistiú teorainneacha, imirce, slándáil, cosaint, comhar forbartha agus taighde san áireamh leis. Bhí ciorruithe beartaithe go háirithe don bheartas comhtháthaithe agus don bheartas talmhaíochta. Bhí an struchtúr foriomlán le sruthlíniú (ó 58 go 37 gclár caiteachais) agus mhol an Coimisiún sraith d’ionstraimí speisialta lasmuigh d’uasteorainneacha CAI chun solúbthacht i mbuiséadú an Aontais a fheabhsú. Dhéanfaí an Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) a chomhtháthú sa CAI. Chomh maith leis sin, mhol an Coimisiún go ndéanfaí taobh an ioncaim a nuachóiriú, le tabhairt isteach roinnt catagóirí acmhainní dílse nua.

In 2018, ghlac an Pharlaimint trí rún maidir le CAI do 2021-2027:

Áiríodh i rún mhí na Samhna leasuithe ar Rialachán CAI agus tograí IIA, agus tacar níos iomláine figiúirí le miondealú de réir ceannteidil agus cláir. Sonraíodh ann gur cheart go méadódh uasteorainn CAI do ghealltanais ó 1.0% (do AE-28) go 1.3% de OIN AE (do AE-27), i.e. EUR 1 324 bhilliún (praghsanna 2018), arb ionann é agus méadú 16.7% ar an togra ón gCoimisiún. Ba cheart go bhfanfadh leithdháiltí don chomhbheartas talmhaíochta agus don bheartas comhtháthaithe mar an gcéanna i dtéarmaí réadacha, agus ba cheart roinnt tosaíochtaí a atreisiú tuilleadh, lena n-áirítear Fís Eorpach, Erasmus+ agus LIFE; ba cheart Ráthaíocht nua i dtaobh Leanaí (EUR 5.9 billiún) agus Ciste um Aistriú Fuinnimh nua (EUR 4.8 billiún) a chruthú; ba cheart go méadódh maoiniú le haghaidh gníomhaireachtaí díláraithe atá bainteach le himirce agus bainistiú teorainneacha faoi níos mó ná a ceathair (go níos mó ná EUR 12 bhilliún). Ba cheart go socrófaí rannchuidiú bhuiséad an Aontais le cuspóirí aeráide a bhaint amach ag 25% de chaiteachas CAI ar a laghad do 2021-2027, agus é a bheith príomhshruthaithe trasna réimsí ábhartha beartais, agus go dtiocfadh méadú 30% air tráth nach déanaí ná 2027. Ba cheart athbhreithniú meántéarma ar CAI a bheith éigeantach.

Chun bonn eolais a chur faoin gcaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair maidir le CAI, d’fhoilsigh an Chomhairle ‘dréachtbhosca caibidlíochta’ ar an 30 Samhain 2018 agus ‘bosca caibidlíochta’ ar an 5 Nollaig 2019. Cuimsíonn siad freisin saincheisteanna cothrománacha agus earnálacha a bhíonn de ghnáth i réimse inniúlachta na gclár caiteachais atá faoi réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh (rud a bhí cáinte ag an bParlaimint, mar shampla, i míreanna 14 go 16 de rún uaithi an 10 Deireadh Fómhair 2019). Bhí an Chomhairle i bhfabhar méid iomlán CAI de EUR 1 087 mbilliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, i bpraghsanna 2018 (1.07% de OIN AE-27), go mór faoi bhun ionchais na Parlaiminte.

I rún an 10 Deireadh Fómhair 2019 agus i rún an 13 Bealtaine 2020, rinne Feisirí nuathofa Pharlaimint na hEorpa seasamh na Parlaiminte a thabhairt cothrom le dáta agus d’iarr siad go ndéanfadh an Coimisiún togra a thíolacadh maidir le plean teagmhasach CAI chun líontán sábhála a chur ar fáil chun tairbhithe chláir an Aontais a chosaint i gcás inar ghá an CAI reatha a shíneadh, agus an t-easaontas laistigh den Chomhairle Eorpach á chur san áireamh.

Idir an dá linn, an 14 Eanáir 2020, rinne an Coimisiún togra le haghaidh Ciste um Aistriú Cóir a chur ar aghaidh mar ghné bhreise de phacáiste de thograí CAI, mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip.

Tar éis ghéarchéim COVID-19 agus éifeachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha na ndianghlasálacha riachtanacha, d’fhoilsigh an Coimisiún togra le haghaidh CAI de EUR 1 100 billiún (27 Bealtaine 2020) agus togra do ionstraim théarnaimh bhreise (28 Bealtaine 2020). Tugadh NextGenerationEU (NGEU) ar an ionstraim agus b’fhiú EUR 750 billiún í (i bpraghsanna 2018), le EUR 500 billiún i bhfoirm deontas agus EUR 250 billiún mar iasachtaí. Bhain an pacáiste le tograí reachtacha le haghaidh ionstraimí airgeadais nua chomh maith le hathruithe ar chláir CAI atá ar an mbord cheana. Bhí maoiniú an phacáiste bhreise le hurrú trí iasachtaíocht ar na margaí airgeadais. Chun na críche sin, rinne an Coimisiún leasú freisin ar an togra le haghaidh Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, lena gcumasófaí suas le EUR 750 billiún a fháil ar iasacht. Ar deireadh, áiríodh sa phacáiste ón gCoimisiún méadú EUR 11.5 billiún ar uasteorainn ghealltanais CAI 2014-2020 don bhliain 2020, chun tús a chur le tacaíocht a shlógadh roimh an CAI nua.

An 21 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir le NGEU, CAI 2021-2027 agus acmhainní dílse. Formhuiníodh NGEU ag EUR 750 billiún do na blianta 2021-2023. Laghdaíodh comhpháirt na ndeontas, áfach, ó EUR 500 billiún go 390 billiún agus méadaíodh comhpháirt na n-iasachtaí ó EUR 250 billiún go dtí EUR 360 billiún. Dhiúltaigh an Chomhairle Eorpach don athbhreithniú aníos ar uasteorainn CAI don bhliain 2020. Socraíodh an uasteorainn fhoriomlán do ghealltanais in CAI 2021-2027 ag EUR 1 074.3 billiún. Ina theannta sin, luadh sna conclúidí go dtabharfaí isteach córas coinníollachta chun an buiséad agus NGEU a chosaint ar sháruithe ar an smacht reachta. Comhaontaíodh acmhainn dhílis nua ón 1 Eanáir 2021 bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte. Ba é Airteagal 122 CFAE an bunús dlí a beartaíodh do NGEU, lena gceadaítear don Aontas Eorpach bearta a bhunú atá iomchuí don staid eacnamaíoch le tromlach cáilithe sa Chomhairle, gan an Pharlaimint a bheith bainteach leis an nós imeachta reachtach.

Thug Parlaimint na hEorpa freagairt láithreach bonn ar na conclúidí sin i rún an 23 Iúil 2020, ina ndúirt sí gur gníomh stairiúil a bhí i gceist le hionstraim téarnaimh a chruthú, ach chuir sí in iúl gur saoth léi na ciorruithe a rinneadh ar chláir a bhí dírithe ar an todhchaí. D’áitigh sí go ndéanfaí méaduithe spriocdhírithe sa bhreis ar na figiúirí a mhol an Chomhairle Eorpach agus d’athdhearbhaigh sí nach dtabharfadh sí a toiliú do CAI gan comhaontú maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar chóras acmhainní dílse an Aontais, agus é mar aidhm leis na costais a bhaineann le NGEU (príomhshuim agus ús) ar a laghad a chumhdach, chun a inchreidteacht agus a inbhuanaitheacht a chinntiú. D’éiligh an Pharlaimint freisin go mbeadh sí rannpháirteach go hiomlán mar údarás buiséadach san ionstraim théarnaimh, i gcomhréir le modh an Chomhphobail.

Thosaigh cainteanna tríthaobhacha ina raibh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún páirteach i mí Lúnasa 2020 agus tugadh chun críche iad an 10 Samhain 2020. Glacadh leis an Rialacháin ón gComhairle maidir le CAI 2021-2027 an 17 Nollaig 2020 tar éis toiliú na Parlaiminte a fháil. Tháinig sásra nua coinníollachta chun buiséad an Aontais agus NGEU a chosaint ar sháruithe ar an smacht reachta i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021, rud ar réamhriachtanas eile é do thoiliú na Parlaiminte.

Creat airgeadais ilbhliantúil (AE-27) (EUR milliún, praghsanna 2018)

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas 2021 2022 2023 2024 2025 2026 2027 Iomlán 2021-2027
1. An margadh aonair, an nuálaíocht agus an saol digiteach 19 712 19 666 19 133 18 633 18 518 18 646 18 473 132 781
2. Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna 49 741 51 101 52 194 53 954 55 182 56 787 58 809 377 768
2a. Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach 45 411 45 951 46 493 47 130 47 770 48 414 49 066 330 235
2b. Athléimneacht agus luachanna 4 330 5 150 5 701 6 824 7 412 8 373 9 743 47 533
3. Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol 55 242 52 214 51 489 50 617 49 719 48 932 48 161 356 374
lena n-áirítear: caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha 38 564 38 115 37 604 36 983 36 373 35 772 35 183 258 594
4. An imirce agus bainistiú teorainneacha 2 324 2 811 3 164 3 282 3 672 3 682 3 736 22 671
5. An tslándáil agus an chosaint 1 700 1 725 1 737 1 754 1 928 2 078 2 263 13 185
6. An chomharsanacht agus an domhan 15 309 15 522 14 789 14 056 13 323 12 592 12 828 98 419
7. Riarachán poiblí Eorpach 10 021 10 215 10 342 10 454 10 554 10 673 10 843 73 102
lena n-áirítear: caiteachas riaracháin na n-institiúidí 7 742 7 878 7 945 7 997 8 025 8 077 8 188 55 852
IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS 154 049 153 254 152 848 152 750 152 896 153 390 155 113 1 074 300
IOMLÁN NA LEITHREASUITHE ÍOCAÍOCHTA 156 557 154 822 149 936 149 936 149 936 149 936 149 936 1 061 058

Bhí an Pharlaimint in ann na nithe seo a leanas, go háirithe, a áirithiú:

  • EUR 15 bhilliún breise i gcomparáid leis an togra i mí Iúil 2020, a théann go dtí cláir shuaitheanta;
  • Treochlár atá ceangailteach ó thaobh dlí chun acmhainní dílse nua an Aontais a thabhairt isteach;
  • Méadú forchéimnitheach ar an uasteorainn fhoriomlán do CAI 2021-2027 ó EUR 1 074.3 billiún go EUR 1 085.3 billiún i bpraghsanna 2018 (mínithe thíos);
  • EUR 1 bhilliún sa bhreis don Ionstraim Sholúbthachta;
  • Céim nua nós imeachta (an ‘nós imeachta grinnscrúdaithe bhuiséadaigh’) do thograí bunaithe ar Airteagal 122 CFAE, a bhféadfadh impleachtaí suntasacha buiséadacha a bheith acu;
  • Rannpháirtíocht na Parlaiminte in úsáid a bhaint as ioncam sannta seachtrach (EAR) NGEU, athmheasúnú ginearálta a dhéanamh ar EAR agus ar iasachtaíocht agus iasachtú sa chéad athbhreithniú eile ar an Rialachán Airgeadais, agus ar shocruithe maidir le comhar i gcaibidlíochtaí CAI amach anseo;
  • Modheolaíocht fheabhsaithe rianaithe aeráide chun an sprioc 30% ar a laghad de chaiteachas CAI/NGEU a bhaint amach ar mhaithe le tacú le cuspóirí aeráide[1];
  • Sprioc bhithéagsúlachta bhliantúil nua (7.5% in 2024 agus 10% in 2026 agus in 2027) agus modheolaíocht a dhearadh chun caiteachas inscne a thomhas;
  • Athchóiriú ar bhailiú, cáilíocht agus inchomparáideacht na sonraí faoi thairbhithe chun cosaint níos fearr a thabhairt do bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear caiteachas NGEU.

Áirítear comhpháirteanna eile CAI 2021-2027 a bhaineann le tosaíochtaí na Parlaiminte:

  • CEF a chomhtháthú i mbuiséad an Aontais;
  • Leibhéil fhoriomlána maoinithe don talmhaíocht agus comhtháthú ar mhéid is inchomparáide le 2014-2020;
  • An Ciste um Aistriú Cóir a chruthú.

Áirítear leis an EUR 15 bhilliún breise méadú forchéimnitheach EUR 11 bhilliún, arb é a phríomhfhoinse sásra nua atá nasctha le fíneálacha arna mbailiú ag an Aontas, as a n-eascraíonn leithdháiltí uathoibríocha breise ar na cláir lena mbaineann in 2022-2027. Dá bhrí sin, is de réir a chéile a shroichfidh uasteorainn fhoriomlán an CAI seacht mbliana EUR 1 085.3 billiún i bpraghsanna 2018, i.e. EUR 2 bhilliún níos airde i dtéarmaí réadacha ná uasteorainn CAI 2014-2020 (EUR 1 083.3 billiún i bpraghsanna 2018, gan an Ríocht Aontaithe, le CEF).

Faoi IIA, comhaontaíodh in 2020 go maoineofaí aisíocaíochtaí agus ús an fhiachais téarnaimh le buiséad an Aontais faoi uasteorainneacha an CAI don tréimhse 2021-2027, ‘lena n-áirítear trí fháltais leordhóthanacha ó acmhainní dílse nua a thabharfar isteach tar éis 2021’, gan dochar don chaoi a dtabharfar aghaidh ar an ábhar sin in CAInna amach anseo ó 2028 ar aghaidh. Ba é an aidhm shainráite a bhí ann cláir agus cistí an Aontais a chaomhnú. An 22 Nollaig 2021, mhol an Coimisiún acmhainní dílse nua agus leasú spriocdhírithe ar Rialachán CAI (a tarraingíodh siar ina dhiaidh sin) a raibh sé mar aidhm leis, inter alia, sásra nua a thabhairt isteach lena gceadófaí uasteorainneacha a mhéadú go huathoibríoch ó 2025 chun freastal ar aon ioncam breise a d’eascródh as acmhainní dílse nua chun fiachas NGEU a aisíoc go luath. Cé gur fhreagair an Pharlaimint le rún eatramhach an 13 Meán Fómhair 2022, níor ghlac an Chomhairle aon seasamh.

I dteachtaireacht uaidh an 18 Bealtaine 2022 ar fhóirithint agus atógáil na hÚcráine, d’aithin an Coimisiún go bhfuil‘na riachtanais gan choinne a d’eascair as cogadh san Eoraip i bhfad thar na hacmhainní atá ar fáil sa chreat airgeadais ilbhliantúil reatha’. I rún an 19 Bealtaine 2022, d’iarr an Pharlaimint, mar sin, go dtabharfaí isteach ‘togra reachtach le haghaidh athbhreithniú cuimsitheach ar CAI a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an chéad ráithe de 2023’.

Mar chéad chéim, glacadh rialachán ón gComhairle lena leasaítear CAI i mí na Nollag 2022 (Rialachán (AE, Euratom) 2022/2496 ón gComhairle) mar chuid de phacáiste a ghlac an Pharlaimint faoi nós imeachta práinne, an 24 Samhain 2022. Leis sin, leathnaíodh an cumhdach buiséadach is infheidhme go dtí seo maidir leis na hiasachtaí do na Ballstáit le haghaidh iasachtaí tacaíochta macra-airgeadais don Úcráin, do na blianta 2023 agus 2024: i gcás mainneachtana, shlógfaí na méideanna is gá ón ‘lamháil’, de bhreis ar uasteorainneacha CAI, suas go dtí teorainneacha uasteorainn na n-acmhainní dílse.

Chun an clár oibre a leagan síos le haghaidh athbhreithniú i bhfad níos cuimsithí, ghlac an Pharlaimint rún an 15 Nollaig 2022 dár teideal ‘Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 a uas-scálú’, inar díríodh ar bhuiséad an Aontais a chur in oiriúint do dhúshláin nua agus inar leagadh amach príomhéilimh na Parlaiminte.

An 20 Meitheamh 2023, mhol an Coimisiún athbhreithniú spriocdhírithe ar CAI lena gcumhdaítear formhór na n-éileamh sin (sé mhí roimh an am a bhí beartaithe don athbhreithniú ar dtús).

An 3 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Pharlaimint a seasamh maidir leis an togra, agus chuir sí i bhfios go láidir nach mór an CAI athbhreithnithe a bheith i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2024. Mar sin féin, tháinig Comhairle Eorpach an 15 Nollaig 2023 chun deiridh agus í i sáinn. Nuair a thángthas ar chomhaontú polaitiúil ar deireadh, rinneadh an t-athbhreithniú ar CAI (Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle) a fhoilsiú an 29 Feabhra 2024. Áirítear ann ciorruithe ar an gclár Fís Eorpach (ní dhéantar iad a fhritháireamh ach go páirteach trí athúsáid a bhaint as an saoradh taighde CAI deireanach), EU4Health (arna mhaolú ag sásra Airteagal 5 CAI) agus bainistiú díreach ar an gcomhbheartas talmhaíochta agus ar an mbeartas comhtháthaithe.

Mar sin féin, is é seo an chéad uair a tháinig glanmhéadú ar na huasteorainneacha caiteachais as athbhreithniú meántéarma ar CAI. I measc na bpríomhthorthaí dearfacha tá: EUR 50 billiún don Úcráin le haghaidh 2024-2027, cistiú méadaithe don imirce agus do ghníomhaíocht sheachtrach agus don Chiste Eorpach Cosanta (faoi STEP), méadú do na hionstraimí speisialta (an Ionstraim Sholúbthachta agus Cúlchiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh le haghaidh atógála tar éis teagmhais adhaimsire agus tubaistí nádúrtha, atá ar leithligh anois ón gCúlchiste um Chabhair Éigeandála le haghaidh cúnamh éigeandála do thíortha neamh-AE), agus ionstraim speisialta EURI neamhchaidhpeáilte a bhunú lena gcosnaítear cláir ar chiorruithe suntasacha. Tá cuid de chostais chomhiasachtaíochta an Aontais le cumhdach sa nós imeachta buiséadach bliantúil (shocraigh an Chomhairle Eorpach 50% mar thagarmharc neamhcheangailteach). Chun an ionstraim speisialta EURI a úsáid chun na gcríoch sin, caithfear thart ar leath de na costais a chumhdach le hionstraimí speisialta nó le hath-imscaradh ó chláir. Feidhmíonn ionstraim EURI in dhá chéim: is é an chéad cheann acmhainní a shlógadh atá coibhéiseach le méid na gcistí saortha, is é an dara ceann sásra ‘rogha deiridh’ maidir le ranníocaíochtaí náisiúnta breise. Tá tuilleadh sonraí le fáil sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gcoigeartú teicniúil ar an CAI.

An 11 Feabhra 2025, leag an Coimisiún amach na príomhdhúshláin bheartais agus bhuiséadacha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo i dteachtaireacht dar teideal ‘An bóthar i dtreo an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile’. Thug an Pharlaimint a hionchur trí rún an 7 Bealtaine 2025 dár teideal ‘Buiséad fadtéarmach athchóirithe don Aontas i ndomhan atá ag athrú’.

An 16 Iúil 2025, thíolaic an Coimisiún a thograí le haghaidh CAI 2028-2034. Shocrófaí an méid iomlán a gheallfaí thar thréimhse 7 mbliana ag uasmhéid EUR 1763 bhilliún (i bpraghsanna 2025), arb ionann é agus 1.26% de OIN an Aontais, lena n-áirítear costais aisíocaíochta NGEU. I gcomparáid le méid tosaigh reatha CAI (1.13% de OIN thar 2021-2027) agus i bhfianaise aisíocaíochtaí NGEU atá beartaithe, arb ionann iad agus 0.11% de OIN (thart ar EUR 25 bhilliún in aghaidh na bliana), ciallaíonn sé sin, ar an iomlán, go bhfuil méadú fíorbheag á mholadh ag an gCoimisiún. Laghdófaí seacht gceannteideal agus dhá fho-cheannteideal an struchtúir reatha go ceithre phríomh-cheannteideal. Leis an struchtúr simplithe (ó thart ar 70 caibidil le haghaidh caiteachas oibríochtúil faoi láthair go dtí thart ar 20 caibidil sa togra), mar aon le solúbthachtaí suntasacha ionsuite laistigh de chistí, éilítear soiléireacht níos fearr maidir leis an gcaoi a ndéanfaí difear do róil ghrinnscrúdaithe agus bhuiséadacha na Parlaiminte, agus ní dhéanann na hathruithe ach comparáidí táscacha leis an CAI reatha.

Dhéanfaí comhtháthú, forbairt réigiúnach agus tuaithe, talmhaíocht, iascach, imirce, slándáil agus rialú teorann a chomhdhlúthú faoi phlean comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí do gach Ballstát, arna chomhlánú ag saoráid an Aontais, a gheobhadh EUR 772 bhilliún le chéile (thart ar 44% den bhuiséad iomlán). Dá bhrí sin, i gcomparáid leis an CAI reatha, thiocfadh laghdú thart ar 10% ar an gcistiú do chláir atá faoi chur chun feidhme comhroinnte (cistí talmhaíochta agus comhtháthaithe den chuid is mó), agus bheadh an cistiú don imirce agus do bhainistiú teorainneacha 2.5 oiread níos mó.

Leithdháilfí EUR 362 bhilliún (21% den bhuiséad iomlán) ar Chiste Eorpach um Iomaíochas, lena gcumhdófaí infheistíocht dhíreach sa taighde, san aistriú glan agus digiteach, sa chosaint, sa spás agus sa bhith-theicneolaíocht, méadú mór thart ar 160% i gcomparáid leis na cláir atá ann cheana lena maoinítear na réimsí beartais sin.

Bheadh EUR 177 mbilliún (10% den bhuiséad iomlán) i gceist le hionstraim nua don Eoraip Dhomhanda, a bheadh tiomnaithe do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, ar méadú thart ar 40% é ar na hionstraimí atá ann faoi láthair. Choinneofaí agus mhéadófaí ionstraimí speisialta neamhthéamacha (an Ionstraim Corrlaigh Aonair agus an Ionstraim Sholúbthachta). Bheadh Cúlchiste na hÚcráine ar an aon ionstraim speisialta théamach amháin, ós rud é go ndéanfaí na hionstraimí atá ann faoi láthair (an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála agus an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú) a mhaoiniú faoi na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha agus faoi chláir na hEorpa Domhanda. Rinneadh foráil sa togra maidir le sásra ceartúcháin don díbhoilsceoir seasta 2% i gcás ina bhfuil an boilsciú os cionn 3% nó faoi bhun 1%, agus luach á chaomhnú go páirteach i dtéarmaí réadacha.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar seo, féach an suíomh gréasáin don Choiste um Buiséid.

 

[1]An 21 Meitheamh 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún a chur chuige maidir le príomhshruthú an athraithe aeráide in CAI 2021-2027 agus in NGEU i ndoiciméad inmheánach oibre (SWD(2022)0225).

Alix Delasnerie