Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Is comhlacht comhairleach de chuid an Aontais Eorpaigh é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) atá lonnaithe sa Bhruiséil. Tá 329 gcomhalta air. Tá a thuairimí ag teastáil ar bhonn comhairliúchán éigeantach sna réimsí a leagtar síos leis na Conarthaí nó ar bhonn comhairliúchán deonach arna dhéanamh ag an gCoimisiún, ag an gComhairle nó ag an bParlaimint. Féadfaidh sé tuairimí a eisiúint as a thionscnamh féin freisin. Níl a chomhaltaí faoi cheangal ag aon treoracha. Ní mór dóibh a bheith go hiomlán neamhspleách i bhfeidhmiú a ndualgas, ar mhaithe le leas coiteann an Aontais Eorpaigh.

An bunús dlí

  1. Airteagal 13(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE);
  2. Airteagail 300-304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);
  3. Cinneadh (AE) 2019/853 ón gComhairle lena gcinntear comhdhéanamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpaagus cinntí ón gComhairle ina dhiaidh sin lena gceaptar comhaltaí CESE, arna moladh ag Ballstáit éagsúla;
  4. Cinneadh ón gComhairle (AE) 2025/2044 lena gceaptar comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 29 Meán Fómhair 2025 go dtí an 20 Meán Fómhair 2030.

Comhdhéanamh

A. Líon agus leithdháileadh náisiúnta na suíochán (Airteagal 301 CFAE agus Cinneadh (AE) 2019/853 ón gComhairle lena gcinntear comhdhéanamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa).

Tá 329 gcomhalta ar CESE faoi láthair, atá roinnte idir na Ballstáit mar seo a leanas:

  1. 24 chomhalta in aghaidh na tíre i gcás na Gearmáine, na Fraince agus na hIodáile;
  2. 21 chomhalta in aghaidh na tíre i gcás na Polainne agus na Spáinne;
  3. 15 chomhalta i gcás na Rómáine;
  4. 12 chomhalta in aghaidh na tíre i gcás na Beilge, na Bulgáire, na Gréige, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Portaingéile, na Seicia, na Sualainne agus na hUngáire;
  5. 9 gcomhalta in aghaidh na tíre i gcás na Cróite, na Danmhairge, na hÉireann, na Fionlainne, na Liotuáine agus na Slóvaice;
  6. 7 gcomhalta in aghaidh na tíre i gcás na hEastóine, na Laitvia agus na Slóivéine;
  7. 6 chomhalta in aghaidh na tíre i gcás Lucsamburg agus na Cipire;
  8. 5 chomhalta i gcás Mhálta.

Ar an iomlán, laghdaíodh méid an Choiste ó 350 comhalta go 329 gcomhalta le héifeacht ón 1 Feabhra 2020 (tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas).

B. An modh ceapacháin (Airteagal 302 CFAE)

Déanann an Chomhairle comhaltaí an Choiste a cheapadh trí thromlach cáilithe, ar bhonn moltaí ó na Ballstáit (amhail an sampla seo). Téann an Chomhairle i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir leis na hainmniúcháin sin (Airteagal 302(2) CFAE). Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar ionadaíocht leormhaith do na catagóirí éagsúla den ghníomhaíocht eacnamaíoch agus shóisialta. Go hiarbhír, bíonn aon trian de na suíocháin ag fostóirí, aon trian ag fostaithe agus aon trian ag grúpaí eile (feirmeoirí, miondíoltóirí, na gairmeacha liobrálacha, tomhaltóirí, etc.).

Is é 350 uaslíon chomhaltaí CESE a cheadaítear faoi Chonradh Liospóin (Airteagal 301 CFAE). Bhí an líon níos airde ná sin ar feadh tamall gairid idir mí Iúil 2013 agus mí Mheán Fómhair 2015 mar gheall ar aontachas na Cróite an 1 Iúil 2013. Mar gheall ar naoi suíochán nua a bheith ann don Bhallstát nua, mhéadaigh líon iomlán na gcomhaltaí go 353 (ó 344). Le Cinneadh (AE) 2015/1157 ón gComhairleoiriúnaíodh comhdhéanamh CESE tar éis aontachas na Cróite: rinneadh laghdú d’aon chomhalta amháin in aghaidh na tíre ar líon na gcomhaltaí i gcás na hEastóine, na Cipire agus Lucsamburg chun aghaidh a thabhairt ar an neamhréireacht a bhí ann idir líon uasta chomhaltaí CESE a leagtar amach sa chéad mhír d’Airteagal 301 CFAE agus líon na gcomhaltaí a bhí ann tar éis aontachas na Cróite. Dá bhrí sin, laghdaíodh líon na gcomhaltaí i gcás Lucsamburg agus i gcás na Cipire ó sheisear comhaltaí in aghaidh na tíre go cúigear comhaltaí in aghaidh na tíre agus laghdaíodh líon chomhaltaí na hEastóine ó sheachtar go seisear comhaltaí. Le Cinneadh (AE) 2019/853 ón gComhairle, cinneadh comhdhéanamh deiridh CESE i gcomhréir le dáileadh na suíochán i gCoiste Eorpach na Réigiún, ar a bhfuil 329 gcomhalta freisin, agus i bhfianaise tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, rud a d’fhág 24 shuíochán fholmha a bheith ann. Dá thoradh sin, méadaíodh líon na gcomhaltaí i gcás Lucsamburg agus na Cipire an athuair ó chúigear go seisear comhaltaí agus méadaíodh líon chomhaltaí na hEastóine ó sheisear go seachtar comhaltaí.

C. An cineál sainordaithe (Airteagal 301 CFAE)

Déanann rialtais náisiúnta comhaltaí an Choiste a ainmniú agus déanann an Chomhairle iad a cheapadh le haghaidh téarma inathnuaite cúig bliana (Airteagal 302 CFAE). Roghnaítear na comhaltaí as grúpaí leasmhara eacnamaíocha agus sóisialta san Eoraip. Ba i mí Dheireadh Fómhair 2025 a rinneadh an t-athnuachan deiridh don téarma oifige 2025-2030 (Cinneadh (AE) 2025/2044 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2025 lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 29 Meán Fómhair 2025 go dtí an 20 Meán Fómhair 2030).

Baineann siad le haon ghrúpa amháin as na trí ghrúpa seo a leanas:

  1. Fostóirí (Grúpa I);
  2. Oibrithe (Grúpa II);
  3. Eagraíochtaí na sochaí sibhialta (Grúpa III).

Ní mór do na comhaltaí a bheith go hiomlán neamhspleách agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu, chun leasa ghinearálta an Aontais (Airteagal 300(4) CFAE). Gach uair a thagann suíochán comhalta nó comhalta ionaid ar CESE chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht lena dtéarma oifige, bíonn gá le cinneadh ar leithligh ón gComhairle chun comhalta nua a cheapadh chun teacht in ionad an chomhalta sin.

Eagrú agus nósanna imeachta

Níl CESE ar áireamh sna hinstitiúidí a liostaítear in Airteagal 13(1) CAE. Mar sin féin, luaitear in Airteagal 13(4) go dtugann CESE cúnamh don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún trí ghníomhaíochtaí comhairliúcháin a dhéanamh.

  1. An tUachtarán agus an Biúró, a bhfuil téarma oifige dhá bhliain go leith ag gach ceann acu, déanann an Coiste iad a cheapadh as measc a chomhaltaí féin;
  2. Glacann an Coiste a rialacha nós imeachta féin;
  3. Féadfaidh sé teacht le chéile ar a thionscnamh féin, ach de ghnáth tagann sé le chéile arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún;
  4. Chun cuidiú lena thuairimí a ullmhú, tá sé cinn de na ranna speisialaithe seo a leanas aige le haghaidh réimsí éagsúla ghníomhaíocht an Aontais (agus is féidir leis fochoistí a chur ar bun chun déileáil le hábhair shonracha):

Tugann Ardrúnaíocht cúnamh do CESE, a bhfuil Ardrúnaí i gceannas uirthi a thuairiscíonn don Uachtarán. Cuireann an Ardrúnaíocht tacaíocht bheartais, chumarsáide, eagrúcháin, teanga agus ábhair ar fáil do chomhaltaí CESE. Tá an Ardrúnaíocht comhdhéanta de thuairim is 700 ball foirne. Ar mhaithe le héifeachtúlacht, déanann CESE seirbhísí a bhuanrúnaíochta sa Bhruiséil a chomhroinnt le rúnaíocht Choiste Eorpach na Réigiún (a mhéid a bhaineann lena shuíomh sa Bhruiséil, féach Prótacal Uimh. 6 a ghabhann le Conradh Liospóin maidir le suíomh na n-institiúidí). Sa bhreis air sin, rinne Biúró na Parlaiminte comhaontú le CESE, faoi chuimsiú nós imeachta buiséadach 2014, chun éifeachtúlacht a mhéadú i gcomhar i réimse an aistriúcháin. Bhí an ghníomhaíocht sin i gcomhréir le hAirteagal 314(1) CFAE, ina sonraítear an méid seo a leanas: ‘[...] tarraingeoidh gach institiúid [...] suas meastacháin ar a caiteachas don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Comhdhlúthóidh an Coimisiún na meastacháin sin i ndréachtbhuiséad’. Tá buiséad bliantúil riaracháin ag CESE arb ionann é agus EUR 152.5 milliún (2022), a áirítear i roinn VI de bhuiséad an Aontais mar ‘institiúid eile’ – méadú 5.1 % i gcomparáid le buiséad 2021.

D’fhonn a sciar leithdháilte de bhuiséad an Aontais a bhainistiú go héifeachtúil, tá CESE ag comhoibriú go dlúth le Coiste Eorpach na Réigiún maidir le cúrsaí riaracháin trí chomhaontuithe comhleanúnacha comhair riaracháin. Tá comhar riaracháin curtha ar fáil ag na comhaontuithe sin, ina ndéantar comhthiomsú ar acmhainní daonna agus airgeadais i réimsí na lóistíochta (foirgnimh, slándáil, siopa priontála, etc.), na teicneolaíochta faisnéise agus an aistriúcháin.

An 1 Samhain 2021, tháinig comhaontú comhair nua cúig bliana idir CESE agus Coiste Eorpach na Réigiún i bhfeidhm, a bhí bunaithe ar sheirbhísí comhpháirteacha. Leis an gcomhaontú nua, déantar méadú breise ar raon feidhme na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha, trí sheirbhísí fáiltithe agus seirbhísí dáilte poist páipéir a chur faoi chúram na seirbhísí comhpháirteacha. Oibríonn beagnach leath d’fhoireann CESE (2023: 671 fhostaí) sa tseirbhís chomhpháirteach.

Cumhachtaí

Cuireadh CESE ar bun le Conarthaí na Róimhe, 1957, chun grúpaí leasmhara eacnamaíocha agus sóisialta a rannpháirtiú i mbunú an chómhargaidh agus chun sásraí idirinstitiúideacha a sholáthar chun an Coimisiún agus Comhairle na nAirí a chur ar an eolas faoi shaincheisteanna Eorpacha. Leis an Ionstraim Eorpach Aonair (1986) agus le Conradh Maastricht (1992), leathnaíodh an réimse saincheisteanna nárbh fholáir a tharchur chuig an gCoiste. Le Conradh Amstardam, leathnaíodh tuilleadh na réimsí nárbh fholáir a tharchur chuig an gCoiste agus ceadaíodh go rachadh an Pharlaimint i gcomhairle leis. Ar an meán, déanann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 170 doiciméad agus tuairim chomhairleach a eisiúint gach bliana (a ndéanann sé tuairim is 15% díobh a eisiúint as a stuaim féin). Foilsítear na tuairimí san Iris Oifigiúil. Tá feidhm chomhairliúcháin ag an gCoiste chomh maith (Airteagal 300 CFAE). Is é is cuspóir dó ná na hinstitiúidí atá freagrach as cinnteoireacht- AE a chur ar an eolas faoi thuairimí ionadaithe na gníomhaíochta eacnamaíche agus sóisialta.

A. Tuairimí arna n-eisiúint arna iarraidh sin d’institiúidí an Aontais

1. Comhairliúchán éigeantach

I roinnt réimsí a luaitear go sonrach, sonraíonn CFAE nach bhféadfar cinneadh a dhéanamh ach amháin tar éis don Chomhairle nó don Choimisiún dul i gcomhairle le CESE. Is iad seo a leanas na réimsí sin:

  1. An beartas talmhaíochta (Airteagal 43);
  2. Saorghluaiseacht daoine agus seirbhísí (Airteagail 46, 50 agus 59);
  3. An beartas iompair (Airteagail 91, 95 agus 100);
  4. Comhchuibhiú cánachais indírigh (Airteagal 113);
  5. Dlíthe maidir leis an margadh aonair a chomhfhogasú (Airteagail 114 agus 115);
  6. An beartas fostaíochta (Airteagail 148, 149 agus 153);
  7. An beartas sóisialta, oideachas, gairmoiliúint agus an óige (Airteagail 156, 165 agus 166);
  8. An tsláinte phoiblí (Airteagal 168);
  9. Cosaint an tomhaltóra (Airteagal 169);
  10. Na gréasáin thras-Eorpacha (Airteagal 172);
  11. An beartas tionsclaíochta (Airteagal 173);
  12. Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach (Airteagal 175);
  13. Taighde agus forbairt theicneolaíoch agus an spás (Airteagal 182 agus 188);
  14. An comhshaol (Airteagal 192).

2. Comhairliúchán deonach

Féadfaidh an Pharlaimint, an Coimisiún nó an Chomhairle dul i gcomhairle le CESE freisin maidir le haon ábhar eile de réir mar is cuí leo. Nuair a théann na hinstitiúidí sin i gcomhairle leis an gCoiste, bíodh sé sin ar bhonn éigeantach nó ar bhonn deonach, féadfaidh siad teorainn ama (teorainn ama d’aon mhí amháin ar a laghad) a shocrú ar ina diaidh nach féidir éagmais tuairime cosc a chur orthu breis gníomhaíochta a dhéanamh (Airteagal 304 CFAE).

B. Tuairim a eisiúint as a thionscnamh féin

Féadfaidh an Coiste a chinneadh tuairim a eisiúint aon uair a mheasann sé gurb iomchuí déanamh amhlaidh.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Cuireadh Comhaontú Comhair nua an 14 Bealtaine 2024 in ionad an Chomhaontaithe Comhair idir an Pharlaimint agus CESE an 5 Feabhra 2014, cé go bhfuil roinnt forálacha i gComhaontú Comhair 2014 maidir le comhar riaracháin idir an Pharlaimint, Coiste Eorpach na Réigiún agus CESE fós i bhfeidhm.

Is é is aidhm dó dlisteanacht dhaonlathach an Aontais a threisiú trí pháirt níos dlúithe a thabhairt do gheallsealbhóirí agus don tsochaí shibhialta i gcinnteoireacht an Aontais. Go sonrach, tháinig an Pharlaimint agus CESE ar chomhaontú maidir le roinnt saincheisteanna:

  1. Tiocfaidh ionadaithe ó CESE agus ón bParlaimint le chéile go rialta ar leibhéil éagsúla — mar shampla, déanfaidh cathaoirligh na gcoistí parlaiminteacha agus cathaoirligh rannóga CESE iarracht teacht le chéile uair sa bhliain ar a laghad chun réimsí leasa fhrithpháirtigh a phlé. Féadfar cuireadh a thabhairt do rapóirtéirí na Parlaiminte freastal ar chruinnithe rannóige de chuid CESE agus a mhalairt.
  2. Le linn an timthrialla reachtaigh, cuirfidh CESE comhairle ar fáil don Pharlaimint trí thústuairimí le linn na céime réamhreachtaíochta, trí tharchuir atá bunaithe ar na Conarthaí le linn chéim na reachtaíochta agus trí mheastóireachtaí ex post ar reachtaíocht ag an gcéim iar-reachtaithe (i bhfoirm tuairimí nó tuarascálacha meastóireachta).
  3. Geallann CESE agus an Pharlaimint go bpléifidh siad conas oibriú le chéile chun comhairliúchán struchtúrtha leis an tsochaí shibhialta eagraithe a chur chun cinn trí éisteachtaí, seimineáir, cuairteanna ar thíortha agus comhdhálacha a eagrú.

 

Christophe BEAUDOUIN