Cúnamh oideolaíoch

Cé gurb iad institiúidí oideachais na mBallstát atá freagrach as an oiliúint trí chéile, comhoibríonn seirbhísí ateangaireachta Pharlaimint na hEorpa go praiticiúil le hollscoileanna chun cúnamh oideolaíoch a sholáthar, chun aistriú eolais a chur chun cinn agus chun an bhearna a líonadh idir oiliúint acadúil agus fíor-riachtanais ateangairí comhdhála in eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Baineann dhá bhuntáiste leis an gcomhar seo: tá deiseanna níos fearr earcaíochta ag céimithe tar éis a gcuid staidéir a bheith déanta acu agus is féidir le seirbhísí ateangaireachta na Parlaiminte brath ar chéimithe ardoilte chun a riachtanais earcaíochta a chomhlíonadh agus chun na seirbhísí ilteangacha a choinneáil.

Cuimsítear an méid seo a leanas leis na cineálacha éagsúla tacaíochta oideolaíche:

  • Is é atá i gceist le ranganna fíorúla físchomhdhálacha ina ndéanann ateangairí cleachta ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún araon breathnóireacht agus measúnú ar fheidhmiú mac léinn ateangaireachta. Tugann siad deis do mhic léinn ateangaireacht a dhéanamh ar óráidí atá cosúil leis na hóráidí sin ar gá tabhairt fúthu ag scrúduithe creidiúnaithe AE agus aiseolas pearsanta agus comhairle a fháil ó ateangairí cleachta na nInstitiúidí Eorpacha.

    Tá dhá chineál ranganna fíorúla ann:

    • Is éard is ranganna fíorúla iltaobhacha ann físchomhdhálacha agus/nó ranganna ríomhshruthaithe a eagraíonn Parlaimint na hEorpa igcomhar le suas go dtí trí ollscoil. Déanann ateangairí foirne ó Pharlaimint na hEorpa, ón gCoimisiún Eorpach agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile sa Bhruiséil measúnú ar na feidhmíochtaí.
    • Is éard is ranganna fíorúla déthaobhacha ann físchomhdhálacha lehollscoil amháin sa turas ina ndéanann ateangairí foirne PE measúnú ar mhic léinn agus ina soláthraíonn siad saineolas. Is iondúil go mbíonn breathnóir amháin ann ón gCoimisiún Eorpach.

    Ní mór do na hollscoileanna a bheith feistithe le córas físchomhdhála le páirt a ghlacadh in oiliúnú den sórt sin.

    Maidir le ranganna fíorúla is gá mionphleanáil a dhéanamh ar chásanna agus comhar dlúth a bheith ann idir na hInstitiúidí agus na hollscoileanna rannpháirteacha. Ba cheart mic léinn rannpháirteacha a roghnú de réir a gcumais agus a dteaglamaí teangacha.

  • I gcás inar féidir é, beidh ateangaire foirne PE i láthair mar lánchomhalta den ghiúiré le linn na scrúduithe deiridh don ateangaireacht chomhdhála. Treisíonn an láithreacht agus an saineolas sin painéal giúiré agus is féidir éifeachtaí dearfacha a bheith aige sin ar an ollscoil ó thaobh tagarmharcála agus caighdeáin a shocrú. Léiríonn an méid sindo mhic léinn agus d'údaráis ollscoile go bhfuil príomhfhostóirí páirteach sa phróiseas measúnaithe agus go bhfuil spéis acu i gcéimithe. 

    Ina theannta sin, cuidíonn sé sin le naisc a choinneáil agus le faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sna cúrsaí difriúla.

    Ba cheart d'ollscoileanna féilire cruinnithe PE a chur i gcuntas agus scrúduithe á bpleanáil agus na seisiúin iomlánacha a sheachaint nuair nach iondúil go mbíonn an fhoireann ar fáil chun tascanna seachtracha a dhéanamh.

  • Is cuid de na hiarrachtaí atá á ndéanamh go leanúnach é Clár Seminarium chun an bhearna idir saol na hollscoile agus an saol gairmiúil a líonadh i gcomhair ateangairí comhdhála céimnithe.

    Is iad seo a leanas cuspóirí an chláir:

    • pasráta na scrúduithe creidiúnaithe a mhéadú agus cuidiú lena áirithiú go mbeidh an seans is fearr go n-éireodh leis na céimithe ag a bhfuil na teaglamaí teangacha is mó spéis linn
    • próifíl PE a fheabhsú mar ionad oibre tarraingteach
    • iarracht a dhéanamh a áirithiú nach gcailleann PE agus an ghairm na daoine aonair is éirimiúla toisc go dteipeann orthu ina gcéad scrúdú agus go n‑aimsíonn siad fostaíocht in áit eile ina dhiaidh sin.

    Critéir roghnúcháin do rannpháirtithe:

    • ní mór dá dteaglamaí teangacha a bheith oiriúnach don phróifíl inmhianaithe
    • féachfar ar an tslí a bhfeidhmíonn siad ina scrúduithe deiridh mara dhéanfaidh ár scrúdaitheoir seachtrach é a dhoiciméadú.

    Cuireann ateangairí foirne agus/nó oiliúnóirí seachtracha oiliúint ar rannpháirtithe thar thréimhse trí seachtaine sa Bhruiséil roimh a gcéad scrúdú creidiúnaithe.

    Ní reáchtáiltear an clár ach i gcás ina bhfuil fíorghá leis. A luaithe a aithnítear go bhfuil gá leis déantar teagmháil le hollscoileanna a thairgeann na teaglamaí teangacha atá á lorg againn.

  • Tá an-spéis ag seirbhís ateangaireachta PE naisc a chothú leis na hollscoileanna ina gcuirtear ateangairí comhdhála faoi oiliúint ar na caighdeáin a éilímid.

    Is le linn seimineár agus ceardlann a thagann ceannairí cúrsaí agus oiliúnóirí ó na hollscoileanna le chéile leis an bhfoireann ó PE agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile. Pléann siad saincheisteanna leasa choitinn cosúil le nósanna imeachta tástála agus roghnúcháin, daoine óga éirimiúla a mhealladh chuig an ngairm, teicneolaíochtaí nua um oiliúint a úsáid srl.

    Is é is aidhm leis seo dea-chleachtas a fhorbairt agus a áirithiú go bhfuil sreabhadh faisnéise atá comhthairbheach idir na hollscoileanna agus na hinstitiúidí a fhostaíonn a gcéimithe.

  • Is ateangairí iad na rannpháirtithe ar éirigh leo i scrúdú creidiúnaithe le deireanas. Molann a gCeann Aonaid iad bunaithe ar a dteaglamaí teangacha agus cáilíocht a gcuid oibre.

    Reáchtáiltear an clár sa Bhruiséil thar thréimhse coicíse agus cuireann an fhoireann treoir ar fáil agus feidhmíonn na comhaltaí foirne mar mheantóirí. Leagtar amach sceideal an chláir de réir nariachtanas éagsúil.

    Deartar clár Passerelle chun na cuspóirí seo a leanas a chomhlíonadh:

    • an t-aistriú chuig ionad oibre casta a éascú
    • chun a áirithiú go bhféadfaidh comhghleacaithe nua a bheith go hiomlán oibríochtúil taobh istigh de thréimhse ghearr ama
    • caighdeáin cháilíochta a rathú trí thacaíocht bhreise a sholáthar
    • próifíl PE a fheabhsú mar ionad oibre tarraingteach.

Ranganna fíorúla © European Union 2013 - European Parliament
...
Ranganna fíorúla © European Union 2013 - European Parliament
...
Ranganna fíorúla © European Union 2013 - European Parliament
...
Ranganna fíorúla © European Union 2013 - European Parliament
...
Ranganna fíorúla © European Union 2013 - European Parliament
...
Ranganna fíorúla © European Union 2013 - European Parliament
...
Ranganna fíorúla