Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union
 
Lá na hEorpa

Céard é Lá na hEorpa?

An 9 Bealtaine 1950, thug Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, óráid stairiúil agus plean le haghaidh comhar níos doimhne san Eoraip. Tugtar Dearbhú Schuman air agus réitigh sé an bealach do ré nua síochána, lánpháirtíochta agus comhair ar fud na mór-roinne. Is é is bunchloch don Aontas Eorpach mar atá anois againn. 

I saol athraitheach dúshlánach an lae inniu, ní mór don Aontas seo againne an fód a sheasamh agus a bheith neamhspleách. Chun déanamh amhlaidh, caithfimid teacht le chéile chun ár slándáil a neartú, borradh a chur faoin rathúnas agus ár saoirse a chosaint chun a chinneadh cén cineál sochaí agus daonlathais inar mian linn maireachtáil. 

Deis is ea Lá na hEorpa chun an méid sin a aithint agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar na luachanna dá seasaimid agus a bhfuilimid ag obair i gcomhpháirt chun iad a chosaint agus a chothú. Is deis í an ócáid speisialta seo freisin chun teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh agus chun léiriú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil an tAontas Eorpach ag obair chun daoine a chosaint agus deiseanna a chruthú dóibh, agus chun comhpháirtíochtaí a chur chun cinn ar fud an domhain. 

Lá na hEorpa a cheiliúradh

Glacann na mílte móra cuairteoirí páirt sna himeachtaí agus sna gníomhaíochtaí chun Lá na hEorpa a cheiliúradh gach bliain. Is féidir leat cuairt a thabhairt ar institiúidí an Aontais sa Bhruiséil, in Strasbourg, i Lucsamburg agus in Frankfurt chun níos mó a fhoghlaim faoin obair agus faoi na beartais a mhúnlaíonn ár ndóigh bheatha.  

Déanann Ionadaíochtaí an Choimisiúin agus Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa Lá na hEorpa a cheiliúradh freisin i ngach ceann de na 27 dtír den Aontas, agus déanann Toscaireachtaí, misin agus oibríochtaí an Aontais é a cheiliúradh ar fud an domhain

An dóigh ar cheiliúramar in 2026

Bhí ceiliúradh speisialta ann do Lá na hEorpa in 2026. Ní hamháin go rabhamar ag comóradh 40 bliain ó tháinig an Phortaingéil agus an Spáinn isteach san Aontas, ach bhíomar ag comóradh 40 bliain ó bhí an chéad cheiliúradh oifigiúil ar Lá na hEorpa ann agus ar úsáid phoiblí bhratach an Aontais agus aintiún an Aontais

Léigh an preasráiteas

Laethanta eolais
  • Dé Sathairn, 9 Bealtaine 2026, 10.00 - 18.00 (CEST)
  • An Bhruiséil, An Bheilg
Laethanta eolais
  • Dé Domhnaigh, 17 Bealtaine 2026, 10.00 - 18.00 (CEST)
  • Strasbourg, An Fhrainc
Laethanta eolais
  • Dé Sathairn, 9 Bealtaine 2026, 10.00 - 18.00 (CEST)
  • An Bhruiséil, An Bheilg
Laethanta eolais
  • Dé Sathairn, 9 Bealtaine 2026, 11.00 - 21.00 (CEST)
  • Frankfurt am Main, An Ghearmáin

Bhí daoine ag damhsa leo i dtiúin leis an Eoraip ag Oíche ceoil leictreo ‘Iris Tipik’ sa Bhruiséil chomh maith. I Lucsamburg rinneadh Lá na hEorpa a chomóradh in Wiltz, agus béim á leagan ar ról an Aontais i réigiúin trasteorann, ar rannpháirtíocht áitiúil na saoránach agus ar an éagsúlacht chultúrtha, chomh maith le 40 bliain ó tháinig an Phortaingéil agus an Spáinn isteach san Aontas.

  • Déan ceiliúradh ar Lá na hEorpa ar do scáileán!

    Íoslódáil ballapháipéir do do ghuthán, d’uaireadóir cliste, do tháibléad nó do ríomhaire.

    Féach leat an gailearaí

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 11 Bealtaine 2026