Do chearta – agus conas leas a bhaint astu
Tugtar saoránacht an Aontais Eorpaigh go huathoibríoch d’aon duine a bhfuil náisiúntacht tíre de chuid an Aontais Eorpaigh aige. Eascraíonn roinnt ceart agus tairbhí ón dlí náisiúnta, agus d’fhéadfadh siad sin a bheith éagsúil ó thír go tír. Eascraíonn cearta eile ó dhlí an Aontais agus, dá bhrí sin, is ionann iad i ngach Ballstát den Aontas. Baineann na cearta sin de chuid an Aontais leis an saol laethúil – ó shiopadóireacht agus tiomáint, go cúram sláinte agus saincheisteanna teaghlaigh/caidrimh.
Mar shaoránach den Aontas Eorpach, tá an ceart agat cónaí a aistriú agus cur fút laistigh den Aontas gan idirdhealú i do choinne ar bhonn do náisiúntachta. Is féidir leat freisin tairbhe a bhaint as cosaint níos fearr do thomhaltóirí ná mar atá i do thír dhúchais agus, ar choinníoll go gcomhlíonann tú ceanglais áirithe, is féidir leat rochtain a fháil ar chúram sláinte áit ar bith san Aontas.
Sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 18) agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha (Caibidil V), leagtar amach do chearta mar shaoránach den Aontas.
Cliceáil ar na naisc thíos le haghaidh tuilleadh eolais maidir le do chearta mar náisiúnach den Aontas atá ag cur faoi san Aontas agus faigh eolas faoin méid is ceart a dhéanamh má sháraítear do chearta.
Eolas faoi do chearta chun cur fút i dtír eile den Aontas, na cearta atá ag aon duine de do theaghlach teacht chomh fada leat, agus an páipéarachas is gá má bhogann tú féin agus/nó do theaghlach go tír eile den Aontas.
Cúram sláinte ar fud an Aontais
Eolas maidir le do chearta i dtaca le cóir leighis bheartaithe nó neamhbheartaithe i dtír eile den Aontas, na doiciméid a theastóidh uait, na rialacha maidir le haisíocaíocht agus conas cógais a cheannach i dtír eile den Aontas agus aisíocaíocht a fháil ina leith.
Cearta tomhaltóra agus aisíocaíochtaí
Eolas maidir le do chearta agus na rialacha a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a cheannach san Aontas. Conas aisíocaíochtaí a iarraidh agus díospóidí a réiteach.
An dlí teaghlaigh i dtíortha eile den Aontas
Eolas maidir le do chearta, agus rialacha agus prionsabail an Aontais i dtaca le gach gné de shaincheisteanna teaghlaigh/caidrimh. Cuimsítear ina measc sin uchtú agus fuadach linbh, pósadh, colscaradh, oibleagáidí cothabhála linbh, agus oidhreachtaí trasteorann a phleanáil/a bhainistiú. Tá comhairle ann freisin maidir le conas glacadh le doiciméid phoiblí a fháil i dtír eile den Aontas.
Gluaisteáin agus ceadúnais tiomána
Eolas maidir le do chearta agus rialacha an Aontais i dtaca le gluaisteáin – ó ghluaisteán a cheannach nó a dhíol nó ceadúnas tiomána a aistriú. Tugtar comhairle ann freisin maidir leis na doiciméid a theastaíonn agus na foirmiúlachtaí atá le leanúint chun d’fheithicil a úsáid.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 26 Bealtaine 2026