Cur i láthair

Ranna beartais agus foinsí eile saineolais a bhíonn ar fáil do na coistí

RANNA BEARTAIS AGUS AONAID TACAÍOCHTA

Tá ranna beartais agus aonaid tacaíochta freagrach as saineolas neamhspleách ardleibhéil (idir inmheánach agus sheachtrach), anailís agus comhairle beartais a sholáthar arna iarraidh sin do choistí agus do chomhlachtaí parlaiminteacha eile (toscaireachtaí, an tUachtarán, an Biúró, an tArdrúnaí). Clúdaíonn a gcuid saineolais gach réimse gníomhaíochta de Pharlaimint na hEorpa. Tá dlúthbhaint acu le hobair na gcoistí a dtacaíonn siad léi le linn reachtaíocht a mhúnlú maidir le beartais AE agus grinnscrúdú daonlathach tharstu a fheidhmiú.
Trí theagmhálacha a chothú leis an bpobal acadúil agus le meithleacha machnaimh, le gnólachtaí dlí agus le sainchomhairleachtaí, trí líonrú neamhfhoirmiúil idir saineolaithe inmheánacha agus seachtracha, déanann foireann na ranna beartais agus na n-aonad tacaíochta a n-eolas teicniúil agus dlíthiúil a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

Aschuir
Cuimsítear leis an aschur i scríbhinn ó na ranna beartais agus ó na haonaid tacaíochta, a ullmhaítear arna iarraidh sin do choiste nó do thoscaireacht de chuid Pharlaimint na hEorpa den chuid is mó, raon leathan táirgí, lena n-áirítear staidéir, grinnanailísí a bhaineann go sonrach le tír ar leith nó le saincheist ar leith, faisnéisithe ina scrúdaítear saincheisteanna a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, chomh maith le nótaí ina bhfuil anailísí gearra atá dírithe ar AE maidir le himeachtaí nó forbairt reatha.
Déanann na ranna beartais agus na haonaid tacaíochta na Bileoga Eolais ar AE a tharraingt suas freisin, lena dtugtar forléargas ar lánpháirtiú na hEorpa agus ar rannchuidiú Pharlaimint na hEorpa sa phróiseas sin.
I measc na ndoiciméad eile atá scríofa ag na haonaid sin, tá nótaí cúlra agus pointí labhartha lena n-úsáid ag údaráis pholaitiúla Pharlaimint na hEorpa.
Ar bhonn na gcinntí arna ndéanamh ag comhordaitheoirí na gcoistí parlaiminteacha, déanann na ranna beartais agus na haonaid tacaíochta staidéir arna dtáirgeadh ag taighdeoirí agus saineolaithe seachtracha a choimisiúnú agus a mhaoirsiú freisin.

Imeachtaí
Eagraíonn na ranna beartais agus na haonaid tacaíochta imeachtaí a chuireann le cumas anailíseach na Parlaiminte agus a fhorbraíonn cineálacha cur chuige coiteanna maidir le saincheisteanna polaitiúla reatha.
Trí cheardlanna poiblí a eagraíonn na haonaid sin, déanann grúpaí saineolaithe saineolas neamhspleách a chur i láthair trí chur i láthair i scríbhinn agus ó bhéal.
Cuirtear painéil saineolaithe ar bun chun rannchuidithe tráthrialta i scríbhinn a sholáthar do na Feisirí agus chun fónamh don díospóireacht pharlaiminteach le linn cruinnithe.
Cuirtear i láthair staidéir arna dtáirgeadh ag na ranna rialtais agus ag na haonaid tacaíochta i gcoitinne le linn cruinnithe coiste.

Grinnscrúdú
Soláthraíonn ranna beartais agus aonaid tacaíochta taighde chun cur le cumas Pharlaimint na hEorpa faireachán a dhéanamh ar chaibidlíochtaí AE agus ar chur chun feidhme comhaontuithe idirnáisiúnta e.g. comhaontuithe trádála. Tá modheolaíocht inmheánach forbartha acu freisin chun grinnscrúdú a dhéanamh ar thionscadail arna gcistiú ag AE.

AN tAONAD UM GHRINNSCRÚDÚCHÁN AR AN RIALACHAS EACNAMAÍOCH AGUS AEA
Soláthraíonn an tAonad um Ghrinnscrúdúchán ar an Rialachas Eacnamaíoch agus AEA faisnéis do na Feisirí maidir le cur chun feidhme na n-ionstraimí rialachais eacnamaíoch agus maidir le maoirseacht baincéireachta san Aontas, go háirithe sa Limistéar Euro.

AN STIÚRTHÓIREACHT UM MEASÚNÚ TIONCHAIR AGUS UM RÉAMHAMHARC
Déanann an Stiúrthóireacht um Measúnú Tionchair agus um Réamhamharc, laistigh de Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS), taighde a sholáthar i ndáil le gnéithe éagsúla de mheastóireacht ex anteex post ar reachtaíocht agus ar bheartais AE.

Déanann an tAonad um Réamhamharc Eolaíoch (STOA) taighde idirdhisciplíneach agus soláthraíonn sé comhairle straitéiseach i réimse an mheasúnaithe roghanna eolaíochta agus teicneolaíochta agus an réamhamhairc eolaíoch. Tugann sé faoi staidéir chuimsitheacha agus eagraíonn sé ceardlanna faoi fhorbairtí sna réimsí sin, faoi threoir Phainéal STOA ar a bhfuil 27 bhFeisire.

Ceardlann

Cuireann ceardlanna ar chumas na bhFeisirí ceisteanna a chur ar shaineolaithe, agus tuairimí a mhalartú leo, maidir le hábhair a bhaineann le gnó na Parlaiminte nó ar ábhair a bhaineann le cúrsaí reatha.

Fact Sheets on the EU

The Fact Sheets provide an overview of European integration and of the European Parliament's contribution to that process.

Think Tank

The Think Tank page provides access to all the expertise sources available in the Parliament.

STOA

Measúnú na Roghanna Eolaíocha agus Teicneolaíochta do Pharlaimint na hEorpa

Teagmhálacha

Ranna beartais agus Aonaid Tacaíochta

An tAonad um Ghrinnscrúdúchán ar an Rialachas Eacnamaíoch agus AEA

Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa