Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)
Meitheamh 2026
12 Meitheamh 2026
Beartas airgeadaíochta
Nochtaí airgeadais an Eurochórais a bhaineann leis an aeráid: punanna beartais airgeadaíochta agus cúlchistí eachtracha BCE
An 21 Bealtaine 2026 d’údaraigh an Chomhairle Rialaithe foilsiú an cheathrú tuarascáil ó BCE ar nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid i dtaca le sócmhainní de chuid an Eurochórais arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta; d’údaraigh sé freisin foilsiú chúlchistí eachtracha BCE. Cuirtear faisnéis ar fáil sa tuarascáil maidir leis na méadrachtaí agus na spriocanna a bhaineann leis an aeráid, agus maidir le rialachas, straitéis agus bainistiú riosca saincheisteanna a bhaineann leis an aeráid. Sa dara tuarascáil, a foilsíodh den cheathrú huair freisin, tugtar faisnéis maidir le nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid i dtaca le punanna beartais neamhairgeadaíochta BCE, lena n-áirítear a phunann cistí dílse agus a chiste pinsin foirne. Foilseofar an dá thuarascáil, mar aon le preaseisiúint ghaolmhar agus na Ceisteanna Coitianta nuashonraithe, ar shuíomh gréasáin BCE an 15 Meitheamh 2026.
Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí
Toradh an chomhairliúcháin phoiblí maidir leis an bhféidearthacht síneadh a chur le huaireanta oibriúcháin T2
An 21 Bealtaine 2026, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire toradh an chomhairliúcháin phoiblí maidir le síneadh a chur le huaireanta oibriúcháin T2. Tháinig freagraí ó 125 eintiteas i 19 dtír faoi scáth an chomhairliúcháin sin. D’údaraigh an Chomhairle Rialaithe freisin foilsiú na tuarascála ar thorthaí gaolmhaire. Mar thoradh ar na freagraí sin, chinn an Chomhairle Rialaithe ionú socraíochta gairid nua a cheadú le haghaidh bainistiú leachtachta in T2 le linn fhormhór na ndeirí seachtaine agus b’fhéidir freisin le linn laethanta dúnta TARGET as seo go ceann dhá bhliain. Thug an Chomhairle Rialaithe treoir freisin don Bhord um Bonneagar Margaidh féachaint an bhféadfaí uaireanta oscailte T2 a leathnú tuilleadh sa mheántéarma agus san fhadtéarma i gcomhréir leis an treochlár straitéiseach atá beartaithe aige. Tá fógra maidir le síneadh a chur le huaireanta oibriúcháin T2 le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
An Tuarascáil Bhliantúil um Sheirbhísí TARGET, 2025
An 3 Meitheamh 2026, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire an Tuarascáil Bhliantúil um Sheirbhísí TARGET, 2025. Cuirtear faisnéis ar fáil sa tuarascáil maidir leis na príomhfhorbairtí a tharla in T2, T2S, TIPS agus ECMS le linn 2025 agus déantar anailís inti ar ghníomhaíochtaí agus ar fheidhmíocht na gcóras sin. Áirítear sa tuarascáil cúig bhosca ar thopaicí a raibh ábharthacht ar leith ag baint leo in 2025, eadhon síneadh le huaireanta oibriúcháin T2, tionchar an Rialacháin maidir le hÍocaíochtaí Meandaracha ar an leachtacht in TIPS, an obair leantach ar an teagmhas TARGET a tharla an 27 Feabhra 2025, socraíocht agus idirnascadh trasairgeadra TIPS agus na gníomhaíochtaí ionduchtaithe atá nasctha le tuilleadh airgeadraí a chomhtháthú i Seirbhísí TARGET. Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Rialachas corparáideach
Athruithe ar chlár comhardaithe bliantúil comhdhlúite an Eurochórais
An 28 Bealtaine 2026, d’údaraigh an Chomhairle Rialaithe, i bprionsabal, dhá mhír nua a chur sa chlár comhardaithe, eadhon “Brabús/caillteanas don bhliain” agus “Caillteanais charntha arna dtabhairt ar aghaidh” i gclár comhardaithe bliantúil comhdhlúite deiridh an Eurochórais agus deireadh a chur le foilsiú chlár comhardaithe bliantúil comhdhlúite sealadach an Eurochórais i mí Feabhra gach bliain féilire. De thoradh an dá mhír ar leithligh sin a thabhairt isteach ar an gclár comhardaithe cuirfear leis an trédhearcacht, ós rud é go bhfoilseofar figiúirí comhiomlánaithe um fheidhmíocht airgeadais an Eurochórais i bhformáid ina léirítear suíomhanna ar leithligh. Dá bhrí sin, beidh an fhormáid sin comhsheasmhach leis an bhformáid a úsáidtear le haghaidh Chuntais Bhliantúla BCE. Thug an Chomhairle Rialaithe treoir do AMICO agus LEGCO, an dá choiste de chuid an Eurochórais/CEBC atá freagrach as na hathruithe sin a chur ar bhonn foirmiúil, na hionstraimí dlí ábhartha is gá a ullmhú chun a áirithiú go dtiocfaidh na hathruithe atá beartaithe i bhfeidhm ag tosú le clár comhardaithe bliantúil comhdhlúite an Eurochórais, 2026 a fhoilseofar i mí an Mheithimh 2027.
Rúnaí don Bheartas Airgeadaíochta a cheapadh ar an gComhairle Rialaithe
An 10 Meitheamh 2026, cheap an Chomhairle Rialaithe Roland Straub, Ard-Stiúrthóir nua in Ard-Stiúrthóireacht BCE um Beartas Airgeadaíochta, mar Rúnaí don bheartas airgeadaíochta le héifeacht ón 1 Iúil 2026. Tiocfaidh an tUasal Straub i gcomharbas ar Christophe Kamps, a ceapadh i mí Feabhra 2026 mar Rúnaí gníomhach don bheartas airgeadaíochta go dtí go gceapfaí Ard-Stiúrthóir nua don Bheartas Airgeadaíochta chun teacht i gcomharbas ar Massimo Rostagno a chuaigh ar scor ag deireadh mhí Feabhra 2026. Chuir an Chomhairle Rialaithe a buíochas in iúl don Uasal Kamps, Ard-Stiúrthóir a cuireadh chun cinn le déanaí in Ard-Stiúrthóireacht um Chaidreamh Idirnáisiúnta agus Eorpach BCE, as an aistriú sin a áirithiú.
Staidreamh
Príomh-gharspriocanna i dtaca le cur chun feidhme chlár an Chreata Tuairiscithe Chomhtháite
An 8 Meitheamh 2026, d’fhoilsigh BCE preaseisiúint ina sonraítear na príomh-gharspriocanna i dtaca le cur chun feidhme chlár an Chreata Tuairiscithe Chomhtháite (IReF), arb é is aidhm dó tuairisciú staidrimh a chomhchuibhiú i measc bhainc an limistéir euro. Go háirithe, is é an chéad gharsprioc a bheidh ann comhairliúchán poiblí maidir le dréacht-Rialachán IReF, atá beartaithe don dara leath de 2027. Céim thuairiscithe phíolótach bliana a bheidh sa dara garsprioc, a thionscnóidh an tEurochóras agus a gcuirfear tús léi sa dara ráithe de 2030. Is é an tríú garsprioc an chéad tuairisciú oifigiúil ar shonraí IReF, in 2031. Tá faisnéis mhionsonraithe bhreise sa phreaseisiúint atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Maoirseacht Baincéireachta BCE
Comhlíonadh na dTreoirlínte Comhpháirteacha maidir le tástáil struis ar rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais
An 27 Bealtaine 2026, ní dhearna an Chomhairle Rialaithe agóid i gcoinne fógra a thabhairt don Údarás Baincéireachta Eorpach go bhfuil sé beartaithe ag BCE, i gcás institiúidí suntasacha atá faoina mhaoirseacht dhíreach, na Treoirlínte Comhpháirteacha a chomhlíonadh faoin 1 Eanáir 2027 chun a áirithiú go ndéanfar comhsheasmhacht, breithnithe fadtéarmacha agus caighdeáin choiteanna le haghaidh modheolaíochtaí measúnaithe a chomhtháthú sa tástáil struis a dhéantar ar rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais de bhun Airteagal 100(4) de Threoir 2013/36/AE agus Airteagal 304c(3) de Threoir 2009/138/CE (JC/GL/2025/78). Is é is aidhm do na Treoirlínte Comhpháirteacha sin, arna n-eisiúint ag ÚBE, ESMA, agus ÚEÁPC, mar a shainordaítear i dtreoir CRD agus i dtreoir Sócmhainneacht II AE, soiléiriú a dhéanamh ar an gcaoi ar cheart d’údaráis inniúla rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chomhtháthú go comhsheasmhach ina ngníomhaíochtaí maoirseachta tástála struis. Tá sé beartaithe leo freisin feabhas a chur ar dheimhneacht dhlíthiúil, soiléireacht agus trédhearcacht an phróisis formheasa maoirseachta i ndáil le comhtháthú rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais i gcreat tástála struis agus in anailís cásanna hipitéiseacha na n-údarás inniúil ábhartha.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa