Seo forléargas ar an méid atá athraithe le déanaí i ndlí an Aontais ó thaobh comhionannas inscne agus chearta na mban de, agus ar na bearta breise atá á lorg ag an bParlaimint.
Tá foréigean inscnebhunaithe agus teaghlaigh fós coitianta san Eoraip, leis an tionchar is mó ar mhná agus ar chailíní. Tá rialacha glactha ag an Aontas chun deireadh a chur leis.
Tuilleann mná san Aontas Eorpach 12% níos lú ná fir ar an meán. Cuir eolas ar staitisticí in aghaidh na tíre agus léigh faoi na cúiseanna taobh thiar den bhearna phá idir na hinscní.
Fiú más féidir le mná cur le síocháin bhuan, is beag bean a bhíonn baint acu le hidirbheartaíochtaí síochána. Foghlaim faoin méid atá á dhéanamh ag an bParlaimint chun an méid seo a athrú.
Cé chomh feiceálach agus atá mná sa spórt? An bhfaigheann siad pá comhionann? Tugann Parlaimint na hEorpa aghaidh ar na fadhbanna seo roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan ar an 8 Márta.
Tá an-dul chun cinn déanta san Eoraip maidir le cearta na mban ach tá an baol ann go gcuirfear ar gcúl é mar gheall ar phaindéim an choróinvíris. Amharc ar an bhfíseán chun léargas a fháil.
Tá feisirí den tuairim go bhfuil gá le rialacha AE chun bulaíocht agus ciapadh gnéasach a chomhrac ar líne agus san áit oibre. Tuilleadh san agallamh thíos leis an bhfeisire Pina Picierno.
Meastar go bhfuil 200 milliún duine ar domhan, idir chailíní agus mhná, a ndearnadh ciorrú ar bhaill ghiniúna orthu, leathmhilliún duine san Aontas Eorpach amháin.