Beartais chomhtháthaithe, talmhaíochta agus shóisialta
Is é is aidhm don bheartas struchtúrach comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chothú, chun difríochtaí eacnamaíocha agus sóisialta idir réigiúin agus tíortha an Aontais a laghdú. Comhlíonann beartais an Aontais é seo trí thacú le cruthú post, cuimsiú sóisialta, forbairt inbhuanaithe, agus feabhsuithe ar cháilíocht saoil na ndaoine. Is é is aidhm do bheartais réigiúnacha éagothromaíochtaí a laghdú agus comhtháthú a neartú idir réigiúin. Tacaíonn an comhbheartas talmhaíochta le slite beatha feirmeoirí, cuireann sé slándáil bia chun cinn agus spreagann sé cleachtais talmhaíochta inbhuanaithe. Is é is aidhm don chomhbheartas iascaigh a áirithiú go mbainistítear iascaigh agus dobharshaothraithe ar bhealach atá inbhuanaithe san fhadtéarma, agus poist agus ioncaim i bpobail chósta á gcosaint. San iompar, díríonn an tAontas ar nascacht, ar chomhtháthú margaidh, agus ar fhorbairt an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair. Tá méadú ag teacht freisin ar thábhacht na soghluaisteachta inbhuanaithe. Feabhsaíonn beartais fostaíochta agus shóisialta comhdheiseanna agus rochtain ar an margadh saothair, cuireann siad dálaí oibre cothroma chun cinn agus baineann siad cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta níos fearr amach. Rannchuidíonn an tAontas freisin leis an mbeartas tithíochta, go háirithe trí thionscnaimh chomhshaoil, chomhtháthaithe agus shóisialta.